Psailm 1
1
Psalm I.
Sonas an deagh dhuine. 4 Agus anrath an drochdhuine.
1Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach.
2Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
3Agus biáidh sé ccosmhuil re crann plannduighthe láimh re haibhnibh uisge, noch do bheir a thoradh iona aimsir íomchubhaidh; ní chríonfuidh fós a dhuille; agus gidh bé ní do dhéana sé tiocfaidh biseach air.
4Ní mairsin do na míochráibhthigh: acht atáid cosmhuil ris an lóchán noch sgabus an gáoth.
5Ar a nadhbharsin ní sheasfuíd na míochráibhthigh annsa mbreitheamhnus, ná na peacaich a ccoimhthionól na bhfíréun.
6Oir bí fios slighe na bhfiréun ag an TTIGHEARNA: acht rachaidh slighe na neimhdhíadhach seachad.
Currently Selected:
Psailm 1: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)