YouVersion Logo
Search Icon

Job 42

42
Caibidil XLII.
Admhail uirisle Iob 10 agus a dheire re ghlormhar.
1An sin do fhreagair Iób an TIGHEARNA, agus a dubhairt,
2Atá a fhios agam go bhféadann tusa gach aóinni do dhéanamh, agus nach éidir áonsmuáineadh do chongmhail uáit.
3Cía an te do cheilfiodh comhairle gan éolus? uime sin do labhair misi an ní nar thuig mé; neithe ro iongantacha dhamh, nach raibh a bhfios agam.
4Iarruim dathchuinge ort, éist, agus laibheóra mé: fíafiochuidh misi dhíot, agus foillsighsi dhamh.
5Do chúala mé teachd ort le héisdeachd na cluáise: acht anois do chídh mo shúil thú.
6Uimesin gráinim riom féin, agus do nim aithreachus a ccriaidh agus a luáith.
7¶ Agus is amhluidh do bhí, tar éis an TIGHEARNA do labhairt na mbríatharso re Iób, go ndubhairt an TIGHEARNA re Heliphas an Temaniteach, Atá mfearg ar naghnadh ad aghaidh, agus a naghaidh do dheise carad: óir nior labhrabhair ormsa an ní fá cóir, mar do labhair mo shearbhfhoghantuigh Iób.
8Uimesin glacuidh chugaibh anois seachd mbulóga agus seachd reithe, agus éirghidh a cceann mo shearbhfhoghantuigh Iób, agus ofraluidh súas ar bhur son féin íodhbuirt loisge; agus gúidhfidh mo shearbhfhoghantuigh Iób ar bhur son: óir glacfuigh misi leis: deagla go ndéanuinn ribh do réir bhur leimhe, do chionn nar labhrabhair orum an ní is ceart, mar mo shearbhfhoghantuigh Iób.
9¶ Marsin dimthigh Eliphas an Temaníteach agus Bildad an Suhiteach agus Sophar an Naamatiteach, agus do rinneadar mar daithin an TIGHEARNA dhíobh: do ghlac an TIGHEARNA fós Iób.
10Agus diompoigh an TIGHEARNA daóirse Iób, a nuáir do ghuidh sé ar son a charad: agus thug an TIGHEARNA fós do Iób dhá oirid agus do bhí aige roimhe.
11Ann sin thangadar a dhearbhráithre uile chuige, agus a dhearbhsheathracha uile, agus a nuile dhuine da raibh iona thathuigh roimhesin, agus ditheadar arán leis iona thigh: agus do bhí truáighe aca dhó, agus do chobhruigheadar é ós cionn a nuile uilc dá ttug an TIGHEARNA air: thug gach aonduine fós píosa airgid dhó, agus gach áonduine clúasfháinne óir.
12Marsin do bheannuigh an TIGHEARNA críoch dheiridh Iób ní is mó ná a thosach: óir do bhí ceithre mhíle dhéug cáora aige, agus sé mhile cámhall, agus mile cuing dhamh, agus míle assal bainionn.
13¶ Do bhí fós aige seachd mic, agus tríur inghean.
14Agus thug Iemima dainm ar an ccéidinghin, agus Cesia; daínm air an dara, agus ainm an treas, Ceren‐happuch.
15Agus níor fríth ár feadh na críche mná coimhscíamhach ré hingheanuibh Iób: agus thug a nathair oighreachd dóibh a measc a ndearbhráithreach.
16¶ Ná dhiáighso do mhair Iób céad agus ceathrachad blíaghan, agus do chonnairc a mhic, agus mic a mhac, eadhon ceithre glúine.
17Mar sin déug Iób, ar mbeith dhé sean agus lán do láethibh.

Currently Selected:

Job 42: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in