Psailm 3
3
Psalm III.
Sé cothughadh Dé is dion do nfhírein.
Psalm Dháibhi, ag teitheamh ó na mhac Absolon.
1A THIGHEARNA, cred mar do mhéaduigh tú luchd mo bhuáidheartha? is iomadamhuil an drong noch éirghios súas am aghaidh.
2Is iomadamhuil an drong a deir rém anam, Ní bhfuil cabhair air bith dhó a Ndía. Selah.
3Acht tusa, a THIGHEARNA, atá tú ad scéith dhamhsa; mo ghlóir, agus fear tógtha súas mo chinn.
4Déighios chum an TIGHEARNA lem ghuth, agus do chúaluidh sé mé amach as a chnoc náomhtha. Selah.
5Do luigh mé síos; agus do chodlas do dhúisighios; óir do chothuigh an TIGHEARNA mé.
6Ní bhiáidh eagla orum roimhe dheich míle don phobal, noch do chuir íad féin timchioll am aghaidh.
7Eírigh, ó a THIGHEARNA; anaic mé, ó mo Dhía: óir do bhuáil tú mo naimhde uile air chnáimh an ghéill; do bhrisis fíacla na druinge neimhdhíadha.
8Is ón TTIGHEARNA thig slanughadh: atá do bheannachd air do phobal. Selah.
Currently Selected:
Psailm 3: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)