Job 41
41
Caibidil XLI.
Is scáthan ar mhórdhalacht Dé, an lébhiatan, a measc éisc.
1An bhféadann tú lebhiatan do tharruing amach le dubhán? nó a theanga lé córda noch léigios tú síos?
2An bhféadann tú dubhán do chur iona shróin? nó a ghíall do tholladh thríd lé dealg?
3A ndéana sé móran gearáin riotsa? an laibheora sé bríathra míne riot?
4A ndéana sé cunnradh riot? an nglacfa tú mar sherbhíseach go bráth é?
5A ndéana tu súgradh ris amhuil éun? an cceangola tú é dot chailinibh?
6A ndéanuid na compánuigh fleadh dhe? an roinnfid síad é measc na cceannuighthe?
7An bhféadann tú a chroicionn do lionadh díarnuibh corránacha? nó a cheann le treaghuibh éisc?
8Leag do lámh air, cuimhnigh an cath, ná déana ní sa mhó.
9Féuch, is díomhaóin a dhóthchussan: nach tteilgfighear duine sios le na radharc amháin?
10Ni bhfuil áon chomhborb sin dá léigion a neagla a chorrughadh súas: maiseadh marsin cía féadas seasamh ar maghuidhse?
11Cía chuidigh liom, as a ttiubhruinn leasughadh dhó? gidh bé ar bith atá faói neamh is liomsa é.
12Ní cheilfidh mé á chodchanna, nó a neart, nó a dhealbh sciamhach.
13Cía fhéudas aghuidh a éaduigh dfoillsiughadh? nó cía fhéadas teacht chuige le na shrían dúbalta?
14Cia fhéudas doirse a aighthe doscladh? atáid a fhíacla úathbhásach timchioll fa ccuáirt.
15 Asíad a lanna a rimhéidhe, íadhta súas re chéile le séula daingion.
16Atá gach áon díobh an comhghar sin da chéile, nach bhféudann aiér ar bith teachd eatorra.
17Atáid ar na ccur a cceann a chéile, ceangluid dá chéile, nach éidir a neidirdhealughadh.
18Le na shétrigh soillsighidh solus agus atáid a shúile cosmhuil lé forrdhubhuibh súl na maidne.
19Amach as a bhéul théid tóirseadha lasamhla, agus lingid drithleanna teineadh amach.
20Amach as a pholláiribh théid deatach, mar do rachadh as pota fiuchuigh nó as oigheann.
21Dearguidh a anal sméarthóide agus téid lasair amach as a bhéul.
22Comhnuighidh neart iona mhuinéul, agus filltear dóbrón na gháirdeachus dá lathair.
23Atáid sleantach a fheóla coimhcheangailte dhá chéile: atáid daingion ionta féin; ní héidir a ccorrughadh.
24Atá a chroidhe comhchruáidh ré cloich; fós, comhchruáidh re cuid do chloichíochtair muilinn.
25A nuáir thógbhus sé é féin súas, bíd na neartmhair eaglach: air eagla brisigh glanuid íad féin.
26Cloidheamh an té bhuáilois airsin ní fheadann seasamh: an gath, an bhonnsach, nó an tuchdéideadh.
27Measuidh sé an tíarann mar thuighe, agus an prás mar chonnadh chríon.
28Ní fhéadann an tsoigheadh a chur dfíachaibh air teitheamh: iompoighthear leis clocha an chroinn‐tádhbhuil a cconnlach.
29Measuidh na gáethe mar chonnlach: do ní gáire fá chrothadh an ghatha.
30 Ataid clocha ghéara faói: leathnuighidh sé neithe géura ar an lathuigh.
31Do bheir sé air a naigéan fiuchadh do nós an phota: do ní sé a nfaírge do nós pota an photecari.
32Do ní sé an tslighe sófhaicsigh na dhiáigh; do shaóilfeadh neach an taigean do bheith líath.
33Ní bhfuil a leithéid air an ttalamh, noch do rinneadh gan cagla.
34Do chí sé a nuile ní árd: atá sé na rígh ós cionn uile chloinne a núabhair.
Currently Selected:
Job 41: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)