Job 40
40
Caibidil XL.
Uábhas Iób ag méud oirdhearcuis Dé. 15 Neart an bhehemot a measg na nainmhidheadh.
1Tuilleamh oile do fhreagair an TIGHEARNA Iób, agus a dubhairt,
2An tteagoscuidh an té do ní imreas ris a Nuilechumhachdach? an té iomaithbhearas Día, fhreagradh sé féin ar a shon.
3¶ Ann sin do fhreagair Iob an TIGHEARNA, agus a dubhairt,
4Féuch, atáim truáilligh; cred fhreagorus mé dhuit? leacfa mé mo lámh air mo bhéul.
5Do labhair mé áonúair amháin; achd ní fhreagora mé: fós, fa dhó; acht ní reachfad ar maghaidh.
6¶ Annsin do fhreagair an TIGHEARNA Iób amach as an tsidean gaóithe, agus a dubhairt,
7Criosluigh súas anois do leasrach mar dhuine: fíafrochuidh misi dhíot, agus innis dhamh.
8An ccuirfe tusa fós mo bhreitheamhnus ar ccúl? an ndaimneocha tú mé, dot bheith féin ionnruic?
9An bhfuil lámh agad mar ata ag Día? nó an bhféadann tú tóirneach do dhéanamh lé guth mar eision?
10Cóirigh thú féin anois lé mórdhachd agus lé hoirdhearcus; agus éuduigh thú féin lé glóir agus lé scéimh.
11Teilg amach buile thfeirge: agus féuch gach áonduine dá bhfuil uaibhreach, agus uirísligh é.
12Féuch air gach ndaine dá bhfuil úaibhreach, agus uirísligh é; agus saltair síos ná drochdhaóine iona náit.
13Foluidh annsa luáithreadh íad lé chéile; agus ceangail a naighthe a bhfolach.
14Annsin aidmheochuidh misi mar an ccéadna dhuit go bhféuduigh do lámh dheas féin do thártháil.
15¶ Féuch anois behemot, do rinne me maille leachdsa, ithidh sé féur mar dhamh.
16Amhairc anois, atá a neart iona leasrach, agus atá a bhrígh a nimlinn a bhuilg.
17Corruighidh sé a fholt amhuil céadar: atáid féitheach a chloch ceangaílte dhá chéile.
18 Ataid a chnámha mar phíosuibh láidre práis; is cosmhuil a chnámha lé barradhuibh íaruinn.
19 Isé príomhobair shlightheach Dé é: an té do rinne é féaduidh sé a chloidheamh do chur go nuige é.
20Go deimhin do bheirid na sleibhte beatha dhó, mar a ndéunuid uile bheathuigh an machaire súgradh.
21Luighidh sé fa na crannuibh dorcha, a bhfolach na ngiolcach, agus na ccurrach.
22Folchuid na croinn dhorcha é le na scáilibh; timchiolluigh suileoga na habhann é fa ccuáirt.
23Féuch, ibhidh se súas abhann, agus ni dhéan sé deithnios: dóigh leis go ttarrongaidh sé Iordan súas iona bhéul.
24 An ngéabha aon duine é iona radharc? nó an ttollfuidh sé a shrón le dubhánuibh.
Currently Selected:
Job 40: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)