Job 39
39
Caibidil XXXIX.
Mordhachd Dhé, thaobh feabhas na ccréatuireadh do dhearnadh leis.
1An aithnid duit a nuáir bheirid gabhair fhíadhta na cairge? nó an bhféadann tú a chomharthughadh ca huáir bheirid na heilite laóigh?
2An bhféadann tú na míosa chomháireamh noch iomlánuid síad? no an aithnid dhuit a naimsir a mbeirid siad?
3Cromaid síad íad féin, beirid a laóigh óga, teilgid díobh a ndóbrón.
4Bíd a laóigh óga a ccruth maith, fásuid síad súas le harbhar; tiaghuid amach, agus ní aithfhillid chucasan.
5Cía chuir amach an tassal fíadhuin sáor? nó cía sgáoil ceangal a nassail fhiadhta?
6Dá ndéarna mé a thigh do nfásach, agus an fearann díosg a áitreabh.
7Ní bhi suim aige a niomad daoineadh na caithreach, ní mó bhíos suim aige a bhfógra an cheannaire.
8Ráon na slíabh is innbhear dhó, agus spíonuidh sé a ndiáigh gach aóinneithe glas.
9An mbía an tunícorn umhal ar shéirbhís do dhéanamh dhuitse? nó an bhfanfa sí ag do mhainnséar?
10An bhféadann tú an tunícorn do cheangal le na cuing annsa neitrighe? nó an bhfoirsfidh sé na gleanta ad dhiáigh?
11An ttáobhtha tú é, do bhrígh gur mór a neart? nó an bhfúigfidh tú do sháothar táobh ris?
12An ccreidfidh tú é, go ttiubhra sé do shíol don bhaile? agus go ccruinneochuidh sé a steach dot scioból é?
13 An tusa thug na sciatháin bhréadha do na péacógaibh? nó sciatháin agus cleiteach do níascaire cháirneach?
14Noch fhágbhus a huighe annsa talamh, agus théighios íad a lúaithreadh,
15Agus dearmaduidh go bhféadann an chos a mbrughadh, nó an beathach álta a mbriseadh.
16Cruadhuighthear í a naghaidh a héun óg, mar budh eadh nach ar lé íad: as diomhaóin a sáothar gan eagla;
17Do bhrígh gur bhean Día a gliocus dí, ní mó do roinn sé tuigse ría.
18A nuáir thógbhus sí í féin súas go hárd, dísbeaguigh sí an teach agus an marcach.
19An tusa thug neart don neach? nar éaduigh tú a mhuineal lé tóirnigh?
20An bhféadann tú a dhéanamh eaglach amhuil dréollán teasbhuidh? is úathbhásach glóir a pholláireadh.
21Tochluidh sé re na chosa annsa ghleann, agus gáirdighidh sé ann a neart: théid ar a aghaidh do theagmháil ris na fearuibh armtha.
22Bí sé ag magadh fán eagla, agus ní bhí úamhan air; ní mó fhilleas sé ar a ais ón ccloidhiomh.
23Siurdánnigh an bolgán soighead na aghaidh, an gath loinnreach agus an scíath.
24Brisidh sé an talamh le cuthach, agus lé buile: agus ní bhíonn sé socair ré fuáim an stuic.
25A deir sé a measc na stoc, Ha, ha; agus boltnuighidh sé an cath a bhfad úadh, tóirneach na ccaiptíneadh, agus a nfuáimneach.
26An led ghliocus eitiollas an seabhac, agus shíneas sí a sciatháin don táobh ó dheas?
27An air do chomhairle éirghios an tiolar súas, agus do ní a nead a náirde?
28Aítreabhuidh sí agus fanaidh air an ccarruic, ar chreagach ná haille, agus na háite daingne.
29As sin íarruidh sí a beatha, agus do chíd a súile a bhfad uaithe.
30Súghuid a héain óga súas fuil: agus mar a mbíd na mairbh, is annsin bhías sise.
Currently Selected:
Job 39: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)