Job 38
38
Caibidil XXXVIII.
Ata Día ag deanamh eadarsgan ídir Iób agus a cháirde.
1Ann sin do fhreagair an TIGHEARNA Iób, as an tsidéan gaóithe, agus a dubhairt,
2Cía hé so dhorchuighios comhairle le bríathruibh gan éolus?
3Criosluidh a nois súas do leasrach mar fhear; óir fíafrochuidh misi dhíot, agus freagairsi mé.
4Cait a raibh tusa núair do shuighidh misi bunáit an domhuin? foillsigh, má tá tuigse agad.
5Cía shín a thomhas sin, mátá a fhíos agad? nó cía shín an dorubba air?
6Cía air a bhfuilid a bhunáite sin ceangailte? nó cía shuighidh a chloch chornéil sin;
7A nuáir do chanadar na reulta maidne re cheile, agus do gháireadar mic Dé uile le lúathgháir?
8No cía do iadh a nfairge a stigh lé doirsibh, a nuáir do bhris sí amách, amhuil do shilfeadh sí amach as an mbroinn?
9A nuáir do rinne misi néull na chulaidh dhi, agus dorchadas tiugh na chrisceangal di,
10Agus ar bhris mé súas di mó áit chinnte, agus ar shuigh mé barradha agus dóirse,
11Agus a ndúbhairt mé, Go nuige so thincfas tú, agus ní thairis: agus ann so fhoisteochthar do thonna uáibhreacha?
12An ttug tú air an maidin bheith ann ar feadh do láetheadh; agus an ttug tú ar éirghe an láe a áit daithmughadh;
13Chor go mbéaradh sé greim ar théorannuibh an domhuin, chor go ccroithfidhe na drochdhaoine as amach?
14Do hiompoigheadh é mar chriáidh chum an tséula; agus seasuid síad amhuil éadach,
15Agus congmhuighthear a solus ó na drochdhaóinibh, agus brísfighthear an rígh árd.
16A ndeachuidh tusa a steach a súmhairighibh na fairge? nó nar shiubhuil tú a spionadh a naigéin?
17An rabhadar geatadha an bháis oscuilte romhad? nó an bhfaca tú doírse scáile an bháis?
18Ar mheas tú leithead na talmhan? foillsigh má atá a fhios uile agad.
19Cáit a bhfuil an tslighe mar a ccombnuighionn an solus? agus ar son an dorchadais, cáit a bhfuil a ionad,
20Chor go mbeirtheá go nuige a théoruinn é, agus go mbeith fios a chasán agad go nuige a thighsion?
21An bhfuil a fhios sin agad, do bhrígh go rugadh a núairsin thú? nó do bhrigh gur mór uibhir do láetheadh?
22A ndeachuidh tú a steach a nionnmhusuibh an tsneachda? nó an bhfaca tú tigh ionnmhuis an chloichshneachda,
23Noch do thaisgidh misi a ccoinne aimsire na buáidheartha, a ccuinne láe an chatha agus an chogaidh?
24Cía hé an tslighe lé ndealuighthear an solus, noch scáoileas au gháoth a noir ar feadh an domhuin?
25Cía roinn ionad reatha a nuisge chum tuile na nuisgeadh, nó slighe do theintighe na tóirnighe;
26Do thabhairt fá deara dhí fearthuinn air an ttalamh, áit nach bhfuil duine ar bith; ar an bhfásach, ann nach bhfuil áonduine;
27Do shásadh na bhfearann úaigneach agus mithairbhitheach; agus a thabhairt fá deara ar bheangánuibh na luibhe laige scinneadh amach?
28An bhfuil athair ag an bhfearthuinn? nó cía ghein bráona na druchda?
29Cía an bhrú as a ttáinic an cuisne? agus cía ghein sioc líath nimhe?
30Atáid na huisgeadha foluighthe mar budh le cloich, agus atá gnúis a naigéin cuisnighthe.
31An bhféadann tusa oireamhna millse Phleiades do cheangal? nó ceangail Orion do scaoileadh?
32An bhféadann tú Massarot do thabhairt amach iona am fein? nó an ttig dhíot Arctúrus go na mhacaibh do thréorughadh?
33An bhfuil fios órduighthe fhlaitheamhnus agad? an bhfeadann tú a thighearnas do chur ar talamh?
34An bhféadann tú do ghuth do thógbhail súas chum na néull, iondus go bhfoileochaidis iomad uisgeadh thú?
35An bhféadann tú tinnteach do chur uait, go nimthigid, agus gu nabraid riot, Atamaóid annso?
36Cía chuir críonnachd annsna codchuibh a stigh? nó cía thug tuigsi don chroidhe?
37Cía fhéadus na néulla dáiriomh a ccríonnacht? nó cía fhéadus buidéil nimhe do chur na ccomhnuigh,
38A nuáir fhasas an luaithreadh do bheith cruáidh, agus ceangluid na fóide go daingion dá chéile?
39A ndéana tusa fíadhach creiche don leomhan? nó an lionfa tú fonn na leomhan óg?
40Anuáir luighid síad iona núamhuibh, fanaid annsa scáth chum bheith a luigheachán?
41Cía ghléusus a bheatha do nfíach? a nuáir sgréuchuid a eóin óga ar Dhía, téid síad ar seachrán do chion bídh.
Currently Selected:
Job 38: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)