Job 37
37
Caibidil XXXVII.
Gu bhfuil cumhachta, 15 agus gliocus De, doscrudaighe.
1Uime so mar an gcéadna creathuigh mo chroidhe, agus do corrugheadh as a áit é.
2Eist go friochnamhach fuáim a ghotha, agus an tormán theíd amach as a bhéul.
3Orduighidh sé é faói neamh go hiomlán, agus a theinteach go téorannuibh na talmhan.
4Béicigh guth na dhiáigh sin: tóirnighidh sé le guth a oirdhearcuis; agus ní choinneochuidh sé íad a nuáir chluinfighthear a ghuth.
5Tóirnighidh Día go hiongantach le na ghuth; do ní sé neithe móra, nach bhféuduimne do thuigsin.
6Oír a deir sé ris an tsneachda, Bíse air an ttalamh; mar an gcéadna ris an mínfhearthuinn, agus re móirfhearthuin a neirtsion.
7Séaluighidh sé súas lámh gach áonduine; chor go naitheonadh a nuile dhuine a oibreachasan.
8Annsin théid na beathuigh iona núamhuibh, agus fanuid iona náitibh.
9As an ttáobh ó dheas thig an sidean gáoithe, agus fúachd ón ttáobh ó thúaigh.
10Le hanáil Dé beirthior an sioc: agus comhguighthear leithne na nuisgeadh.
11Coiridh sé fós an néull tiugh le fliuchadh: sreathuidh sé a néull soillseach:
12Agus iompoighthear timchioll fá ccuáirt é le na chomhairlibh: chor go ndéanaidís gidh bé ní do aitheonadh sé dhiobh ar ghnúis an tsáoghail annsa talamh.
13Do bheir sé air teacht, más air son smachtughadh, nó ar son a fhearuinn, nó ar sou trócaire.
14Haire dhóso, a Iób: fan go socair, agus meas oibreacha iongantacha Dé.
15An bhfeadair tusa an tam ar órduigh Día íad, agus thug air sholus a neóill lonnrughadh.
16An aithnidh dhuit meadhughadh na néull, oibreacha iongantacha an té atá iomlán a néolus?
17Ciondus bhíd héaduighe te, a núair fhionnfhúarnighios se an talamh leis an ngaóith a ndeas?
18Nar chuidigh tusa leis a nfirmament do leathnughadh amach, noch atá láidir, agus amhuil scathán leaghtha?
19Múin dúinn cred a déaram ris; óir ní fhéadmaóid ar nglór dórdughadh do bhrígh an dorchadais.
20A ninneostar dhósan go bhfuilimsi ag labhairt? má labhrann duine, go deimhin sluigfighthear súas é.
21Agus anois ní fhaicidh duine an solus lonnrach atá annsna néulluibh: acht gluáisidh an ghaóth, agus glanuidh sí íad.
22Thig aimsir bhreádhgha ó náird thuáigh: aig Día atá mórdhacht úathbhásach.
23 A ttáobh a Nuilechumhachduigh, ní héidir dhúinn a fhagháil amach: atá sé oirdheirc a ccumhachd, agus a mbreitheamhnus, agus a bhfairsinge cheirt: ní goirteochuidh sé.
24Bíd daóine eaglach roimhe ar a nadhbharsin: ní bhí meas aige ar aóinneach bhías críonna a ccroidhe.
Currently Selected:
Job 37: Bedell
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)