Isaiah 18
18
Caibidil XVIII.
Ualach agus milleadh na Hetiopia.
1Amhairg don tír atá ag folach lé sciathánuibh, noch atá taóibh thall dabhuinn na Hétiópia:
2Noch chuireas teachda úatha ar an bhfairge, eadhon a soighthighibh buigshibhne ar na huisgeadhuibh, gha rádh, Imthighidh, a theachta lúatha, go cineadh sreathnuighthe agus lomtha, chum daóine úathbhásach óna ttosach go ttí so; cineadh ar na ttomhus amach agus ar na saltairt síos, ar mhilleadar na haibhne a bhfearann!
3Féuchuidhsi uile, a áitreabhthacha an tsáoghail, agus a chomhnuightheacha na talmhan, a nuáir thoigfios sé bratach súas ar na sléibhtibh; agus a nuáir shéidfios sé a stoc, éistighsi.
4Oir is marsin a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Glacfa mé mo shuáimhneas, agus measfa mé ann máit chomhnuighe amhuil teas glan ar luibhionnuibh, agus amhuil néul drúchda a tteas a nfoghmhair.
5Oír roimhe an bhfoghmhar, a nuáir is abaidh an fás, agus abuidheas an cháor shearbh annsa mbláth, géarrfuidh sé amach aráon na slaitíne le corránuibh béarrtha, agus béaruidh sé leis agus géarrfuidh síos na beangáin.
6Fúigfidhthear lé chéile íad ag éanlaith na slíabh, agus ag beathuighibh na talmhan: agus saimhreochuid a néanlaith orra, agus geimhreochuid uile bheathuige na talmhan orra.
7¶ Annsa namsin béarthar tiodhlacadh chum TIGHEARNA na slógh ó phobal ar na scaóileadh ó chéile agus ar na lomadh, agus ó phobal úathbhásach ó na ttosach gus a nois; pobal ar na scaradh amach agus do saltradh faói chois, ar mhilleadar na haibhne a bhfearann, go nuige áit anma TIGHEARNA na slógh, slíabh Síon.
Currently Selected:
Isaiah 18: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)