YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 19

19
Caibidil XIX.
Faigheadoireacht throm a ttaobh na Hégipte.
1Ualach na Hégipte. Féuch, atá an TIGHEARNA ag marcuigheachd ar néull lúath, agus tiucfa don Négipt: agus áthrochthar iodhail na Hégipte le na fhaicsin, agus leighfidh croidhe na Hégipte iona lár.
2Agus cuirfe misi na Hégiptigh a naghaidh na Négipteach: agus troidfidh gach áon díobh a naghaidh a dhearbhrathar, agus gach áonduine a naghaidh a chomharsan; cathair a naghaidh caithreach, agus rioghacht a naghaidh rioghachta.
3Agus failleochuidh spiorad na Hégipte iona lár; agus díobhaighfe misi a comhairle: agus íarrfuid siad chum na iodhalibh, agus chum na neasarluightheoiribh, agus chum na druinge agá mbí leannáin síghthe, agus chum na bhfaistíneach.
4Agus seachóduigh mé na Hégiptigh a láimh tighearna éattrócáirigh; agus riaghlochuidh rígh borb ós a ccionn, a deir an Tighearna, TIGHEARNA na shlógh.
5Agus failleochuidh an tuisge on bhfairge, agus fáiseochthar agus tiormachthar súas a nabhann.
6Agus iompochuid síad na haibhne a bhfad úatha; agus foilmheochthar agus tiormachthar súas aibhne an daingin; críonfuidh an giolcach agus an soileastar.
7Na giolcuigh pháipéir laimh ris na haibhnibh, láimh ré béul na srothann, agus gach aóin ní shíolchuirthear láimh ris na srothuibh, críonfaidh sé, béarfuighear ar siubhal é, agus ní biáidh ann ní sa mhó.
8Caóinfid fós na híascaireadha, agus caóinfid na huile dhaóine theilgios dubháin annsna haibhnibh, agus an drong shreathas líonta ar na huisgeadhuibh rachuid as a ccrúth.
9Tuilleamh oile, claochlodhthar, an drong oibrighios a líon mhín, agus an drong fhighios obair líonruidh.
10Agus brisfighear iona thionnscnamh sin íad, a nuile dhuine da ndéan comhluighuisce agus linteach chum éisg.
11¶ Gó deimhin is amadáin prionnsadha Sóan, is brúideamhuil comhairle chomhairleach nglic Phárao: cionnus a dearthaóisi re Phárao, Is misi mac na neagnuighe, mac ríogh bhfoirfe?
12Cáit a bhfuilid síad? cáit a bhfuilid do dhaóine glioca? agus innisidis duit a nois, agus biódh a fhios aca cred to thionnscain TIGHEARNA na slógh ar a Négipt.
13Is amadáin prionnsadha Soan, do mealladh prionnsadha Noph; do mhealladar fós a Négipt, eadhon an drong as fulang dá treabhuibhsion.
14Do chumaisg an TIGHEARNA spiorad urchóideach ann a lár: agus thugadar ar a Négipt seachránughadh iona huile obair, amhuil thuiteas fear meisce iona sceathruigh.
15Ní mó bhías obair ar bith ar son na Hégipte, noch fhéadas an ceann nó an tearball, nó an beangán nó an lúachair, do dheanamh.
16Annsa ló sin biáidh a Négipt cosmhail re mnáibh: agus biáidh eagla orra agus uáimhneochuid do bhrigh croithe láimhe TIGHEARNA na slógh, noch chroitheas sé ós a cíonn.
17Agus biáidh tír Iúdah na húathbhás don Négipt, gach aon da ttig thairis sin biáidh sé eaglach ann féin, do bhrígh chomhairle TIGHEARNA na slógh, noch do chomhairligh sé na hadhuigh.
18¶ Annsa ló sin laibheoruid cúig caithreacha a ttír na Hégipte teanga Chanáain, agus mionnochuid do THIGHEARNA na slógh; agus goirfighear Cathair an diogh‐lairighthe dáon diobh.
19Annsa ló sin biáidh altóir ag an TTIGHEARNA a meadhón thíre na Hégipte, agus piléur agá himiol don TIGHEARNA.
20Agus biáidh mar chomhartha agus mar fhiadhnuise a ccrích na Hégipte do THIGHEARNA na slógh: óir éighfid síad chum an TIGHEARNA do bhrígh na ndíbhfheirgeach, agus cuirfe sé slánaightheóir chuca, agus áon mór, agus sáorfuidh sé íad.
21Agus aitheontar an TIGHEARNA san Négipt, agus aitheonuid na Hégiptigh an TIGHEARNA annsa ló sin, agus do dhéanaid iodhbairt agus ofrail; do bhéaruid fós, móid don TIGHEARNA, agus comhlíonfuid síad í,
22Agus búailfidh an TIGHEARNA an Négipt: buáilfidh sé agus leigheosuidh sé í: agus fillfid síadsan chum an TIGHEARNA, agus biáidh sé air a nimpidhe, agus leigheosuidh sé íad.
23¶ Annsa ló sin biáidh slighe mhór as an Négipt don Assíria, agus tiucfuidh an Tassirianach don Négipt, agus an Tegipteach don Assíria, agus do dhéanuid na Hégiptigh seirbhís ag na Hassírianachaibh.
24Annsa ló sin biáidh Israel an treas leis an Négipt agus leis a Nassíria, na bheannuighadh a lár na críche:
25Noch bheinneochus TIGHEARNA na slógh, gha rádh, Go madh beannuighthe an Négipt mo phobal, agus a Nassíria obair mo lámh, agus Israel moighreacht.

Currently Selected:

Isaiah 19: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in