YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 17

17
Caibidil XVII.
Ualach agus olaói Dhamascus agus Shiria.
1Ualach Dhamascus. Féuch, rugadh Damascus as ó bheith na cathruigh, agus biáidh si na cárn scriosta.
2 Do treigeadh caithreacha Aroer: béid fáoi thréaduibh luighfios síos, agus ní chuirfidh áonduine eagla orra.
3Coisgfidh fós an daingean ó Ephraim, agus an ríoghachd ó Dhamascus, agus an fuighioll ó Shíria: béid síad mar ghlóir chloinne Israel, a deir TIGHEARNA na slógh.
4Agus annsa ló sin tiucfuidh a ccrích, go ndéantar glóir Iácob tana, agus go bhfásfuidh méathus a fheóla trúagh.
5Agus is amhluidh bhías a nuáir chruinneochus fear a nfoghmhair an tarbhar, agus bheanfas sé na déusa le na láimh; agus biáidh sé amhuil an té chruinnighios déasa a ngleann Rephaim.
6Gidheadh fúigfighthear cáora dioghluim ann, do nós chroite an chrainn ola, dhá chaóir trí a mullach na craóibhe úachdaruigh, a cearthair cúig annsua géaguibh tóirtheamhla is faide amach dhe, a deir an TIGHEARNA Día Israel.
7¶ Annsa lósin féuchfuidh duine ar a Chruthaightheóir, agus biáid meas agá shúilibh ar Aon Náomhtha Israel.
8Agus ní fhéuchfa sé air na haltóruibh, oibreacha a lámh, ní mó bhías meas aige air áoinní dá ndeáruadar a mhéir, na garráin, ná na híomháighe.
9Annsa lósin biáidh a chaithreacha daingne mar ghéig thréigthe, agus mar an mbeangán úachdarach, noch do fhágbhadar do bhrígh chloinne Israel: agus biáidh aonránachd ann.
10Do bhrígh gur dhearmuid tú Día do shlánuighthe, agus nach raibh tú cuimhneachair charraic do neirt, uímesin plainndeocha tú planndadha taitneamhacha, agus cuirfidh tú íad lé géagaibh coimhthigheacha:
11Annsa ló sin do bhéara tú air do phlánnda fás, agus air maidin do bhéara tú air do shíol eascar: acht biáidh an foghmhar na chrúaich a ló an doilghis agus an dóbhróin dhibhfheirgidh.
12A mhairg diomadamhlachd mhóráin do dhaóinibh, noch do ní tormán mar thormán na fairge; agus do bhúaidhreadh na ccineadhach, do ní búaidhreadh cosmhuil re búaidhreadh srothann láidir!
13Lingfid na cineadhacha amhuil búaidhreadh móráin uisgeadh: achd imdheargfuidh Día íad, agus teithfid a bhfad úadh, agus díbeorthar íad mar lóchán na slíabh roimhe a ngaóith, agus amhuil líathróid roimhe an ngaoith nguairdéain.
14Agus féuch annsa tráthnóna buáidhreadh; agus roimhe an maidin ní bhfuil sé ann. Isé so cuid ronna na drumge chreachus sinn, agus crannchar na muinntire shladas sinn.

Currently Selected:

Isaiah 17: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in