YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 16

16
Caibidil XVI.
Muna gabh Móab comhairle, 7 do gheibh sí builleadh mur chách.
1Cuiridh an túan go húachtarán tíre ó charruig a nfásuigh, go slíabh inghine Síon.
2Agus biáidh, amhuíl éun seachráin ar na theilgean amach as a nead, marsin bhéid ingheana Mhoab ag áthannuibh Arnon.
3Gabh comhairle, déan breítheamhnus; déan do sgáile mar a noidhche a lár an mheadhonlaé; foluigh na díbearthuigh; ná braith an té bhíos ar seachrán.
4Léig dom dhíbearthaibhsi comhnuidh ad fhochair, a Mhoab; bíse ad dhídean dóibh ó aghaidh an mhilltéora: óir atá an sáruightheach coisge, do scuir an millteóir, do scríosadh na díbearthuigh as an dúthaigh.
5Agus daingneochar an chathaoir riogha a ttrócaire: agus suidhfidh sé innte a bhfírinne a ttabernacuil Dháibhi, ag breathnughadh, ag iarruidh breitheamhnuis, agus ag deifriughadh an cheirt.
6¶ Do chúalamar úabhar Mhoab; (is ro uáibhreach é:) eadhon a úabhar, agus a áirde, agus a fhearg: acht ní bhéid a bhréaga marso.
7Uime sin núallfa Moab arson Mhoab, núallfaidh sé go hiomlán: guilfidhe ar son bhunáite Cir‐hareset; go deimhin atáid síad buáilte.
8Oír do laguigheadh machaireadha Hesbon, agus fíneamhuin Shibmah: do bhrisiodar tighearnuigh na ngeinteadh síos a plannduighe prinsiopalta, thangadar go nuige Iaser, do sheachránadar thríd an bhfásach: do síneadh a géaga amach, do chúadar tar an bhfairge.
9¶ Ar a nadhbharsin guilfidh mé le cumhadh Iaser fíneamhuin Shibmah: fliuchfa mé thú lem dhéaruibh, a Hesbon, agus a Eleáleh: óir do thuit gáir air do thoradh samhruidh agus air thfoghmhar.
10Agus do rugadh an lúathgháir ar siubhal, agus sólás as an machaire thóirtheamhuil; agus ní bhía céol ar bith annsna fíneamhnuibh, agus ní bhía gáir air bith: an luchd saltairte ní sháilteoruid fíon ar bith ann na nomaruibh; thug mé ar gháir thfíneamhnach scur.
11Uimesin dhéanuid minnidhe fuáim amhuil cláirseach ar son Mhoab, agus mo bhaill a stigh ar son Cirhares.
12¶ Agus tiucfa a ccrích, a nuáir do chífighear é go madh coirthe Moab annsa náit áird, go ttiucfa sé dha shanctora durnaighe; acht ní bhuáidheocha sé.
13 Isé so an focal do labhair an TIGHEARNA a ttaobh Mhoab ó naimsir sin a le.
14Acht a nois do labhair an TIGHEARNA, gha rádh, Táobh a stigh do thrí blíadhnuibh, mar bhlíadhnuibh formaluigh, agus cuirfighear glóir Mhoab a ttárcuisne, maille ris a niomadamhlach mhóir sin; agus biáidh an fuighioll ro bhéag agus lag.

Currently Selected:

Isaiah 16: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in