YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 15

15
Caibidil XV.
Eire agus aónranacht Mhóab.
1Ualach Mhoab. Do chionn san noidhche gur fágbhadh Ar Mhoab nafásach, agus gur cuireadh na tochd í; do chionn san noidhche gur fásuigheadh Cir Mhoab, agus gur cuireadh na tochd í;
2Do chuáidh sé súas go Baiit, agus go Díbon, na háite árda, do ghul: núallfuidh Moab ós cionn Nébo, agus ós cionn Mhedeba: biáidh maóile ar a cceannuibh uile, agus gach áon fhéasóg geárrtha dhíobh.
3Ann a sráidibh crioslochuid íad féin lé saicéadach: ar mhulladhuibh a ttightheadh, agus iona sráidibh núallfuidh gach aonduine, ag gul go hiomarcach.
4Agus éighfidh Hesbon, agus Eleáleh: cluinfighear a nguth air fad go Iahas: uimesin gáirfid saighdiúiridh armtha Mhoab; nuáillfidh a anam ann.
5Comhaircfidh mo chroidhe go hárd ar son Mhoab; teithfid a dhíbearthuigh go Soar, seasgbhó thrí mblíadhan daóis: óir le rochduin Luhit súas le gul rachaid síad súas air; óir a slighe Horonáim tóigfid súas comhairc na dioghbhála.
6¶ Oír béid uisgeadha Nimrim mar fhásach: óir do chríon an luibh, do mheath an féur, ní bhfuíl ní glas ar bíth.
7Uime sin an saidhbhrios fúaradar, agus an ní do chuireadar a ttaisgidh, béuruid léo go sruth na suiléog.
8Oír do chúadar na comhairc timchioll bhrúach Mhoab: a núallghubhasan go Heglaim, agus a núallghubhasan go Beerelim.
9Oír atád uisgeadha Dímon lán dfuil: óir do bhéara mé tuilleamh ar Dhimon, leomhain ar an té imeochus as do Mhoab, agus ar fhuighioll na tíre.

Currently Selected:

Isaiah 15: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in