YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 14

14
Caibidil XIV.
Atá trocaire Dé a bfogus da phobal.
1Oir do dhéana an TIGHEARNA trócaire ar Iácob, agus toighfidh fós Israel, agus suigheochuidh íad iona ndúthaigh féin: agus ceangoltar an coimhthidheach ríu, agus druidfid síad re tigh Iácob.
2Agus glacfuidh an pobal íad, agus do bhéaraid dá náit íad: agus sealbhochuigh tigh Israel íad a ndúthaigh an TIGHEARNA mar sheirbhíseacha agus mar chumhala: agus géubhuid na mbraighdibh íad, aiga rabhadar san na mbraighdibh; agus ríaghlochuid ós cionn luchd a mbrúighte.
3¶ Agus tiucfa a ccrích annsa lá a ttinbhra an TIGHEARNA socamhal duit ód dhoilghios, agus ód eagla, agus ód dhaóirsine chrúaidh ann ar tugadh ort seirbhís do dhéanamh,
4Go ttóigfe tú súas an seanfhocal so a naghaidh rígh ná Babilóine, agus go naibeora tú, Cionnus do scuir an millteach! do scuir an chathair órdha!
5Do bhris an TIGHEARNA bata na cciontach, agus slat na núachdarán.
6An té do bhuáil an pobal a bhfeirg le buille búan, an té do ríaghluidh na cineadhacha a ndíbhfheirg, atá sé dhá inghreim, agus ní bhacann éunduine.
7Atá an talamh uile suáimhneach, socair: brisid síad amach a ccantaireachd.
8Gáirdigh fós, an crann giumhuis ionnadso, agus cédair Lebánon, gha rádh, O núair fár luigh tú síos, ní tháinic aoinghéarrthóir ar naghaidh.
9Do corruigheadh ifrionn shíos ar do shonsa, do theagmháil riot a nuáir thiucfas tú: dúisgidh sé súas na mairbh dhuitsi, eadhon uile cheann feadhna an domhain; do thóg sé súas as a ccathaóiribh ríogha uile ríghthe na ccineadhach.
10Laibheoruid síad uile agus a déaraid riotsa, Nar lagadh thusa fós mar inne? a ndéarnadh tusa cosmhuil rinne?
11Tugadh húabhar síos gus a núaigh, agus guth hadhbhadh: do leathnuigheadh an phéist fúd, agus folchuid na péiste thú.
12Ciondus do thuit tusa a núas ó fhlaitheamhnus, a Lucifer, a mhic na maidne! ciondus do gearradh síos go nuige an talamh thusa, noch do laguidh na cineadhacha!
13Oír a dúbhairt tú ann do chroidhe, Eireochuidh mé súas go flaitheamhnus, áirdeochaidh mé mo chathaoir ós cionn réulta Dé: suighfidh mé fós ar shlíabh an chomhchruinnighthe, ar thaobhuibh an tuáisgeirt:
14Eíreochaidh mé súas ós cionn áirde na néull; biáidh mé cosmhuil ris an tí is Airde.
15Gidheadh béarthar síos go hifrionn thú, go táobhuibh an phuill.
16An mhuinntir chífeas thú féuchfuid go géarchúiseach ort, agus measfuid thú gha rádh, An ne so an té thug ar an dtalamh criothnughadh, do chroith rioghachda;
17 Do rinne an sáoghal amhuil fásach, agus do mhill a chaithreacha; nár fhosguil tígh a phríosúnach?
18Ríghthe na ccríoch uile, luighid uile, a nglóir, gach áon díobh ann a thigh féin.
19Acht do teilgeadh thusa amach as a núaigh amhuil beangán adhfhúathmhar, agus amhuil éadach na droinge marbhthar, sáite thríotha leis an ccloidhiomh, agus téid síos go clochaibh an phuill; mar chonablach air a saltairthear fáoi chosuibh.
20Ní bhía tú ceangailte ríu a nadhlacadh, do chionn gur scrios tú do dhúthaigh, agus gur mharbh tú do dhaóine: ní bhía sliochd na ndroichghníomhach clúiteach go bráth.
21Ullmhaighidh ár dhá chloinn ar son égceirt a nathar; chor nach éireochuid, agus nach sealbhochuid an dúthuigh, agus nach líonfuid aghaidh na talmhan le caithreachaibh.
22Oír éireocha misi súas na naghaidh, a deir TIGHEARNA na slógh, agus géarrfa mé ón Bhabiloin an tainm, agus an fuighioll, agus an mac, agus mac an mhic, a deir an TIGHEARNA.
23Do dhéana mé mar an ccéadna sealbh dhi don bhunnán, agus locháin uisge: agus scúabfuidh mé í le scuáib an léirsgris, a deir TIGHEARNA na slógh.
24¶ Do mhionnuigh TIGHEARNA na slógh, gha rádh, Go deimhin mar do smuáin mé, is mar sin thiucfas a steach; agus mar do thionnscain mé, is amhluidh sheasfas:
25Go mbrisfe mé an Tassírianach ann mo dhúithche, agus ar mo shléibhtibh go sailteoruidh mé air: annsin imeochus a chuing dhíobhsan, agus tóigfighear a úalach ó na nguaillibh:
26 Isé so an tionnscnamh do tionnscnadh ar an domhan uile: agus isí so an lámh atá sínte amach air na cineadhachibh uile.
27Oír do thionnscain TIGHEARNA na slógh, agus cía thoirmisgfios é? agus atá a lámh sínte amach, agus cía fhillfeas ar a hais í?
28Annsa bhlíadhain iona bhfuáir rígh Ahas bás do bhí an túalach so.
29¶ Ná gáirdighsi, uile a Phalestína, do chionn gur briseadh slat an té do bhuáil thu: óir tincfa cocaitrís amach as fréimh na naithreach nimhe, agus biáidh a thoirrchios na naithreach theinntighe eitealluigh.
30Agus bíathfuidh céidghin an bhoichd, agus luighfidh an ríachdanach síos a ndaingean: agus muirfidh misi do fhréamhsa le gorta, agus muirfidh seision thfuighioll.
31Nuáill, a gheata; éigh, a chathair; thusa, a Phalestína uile, atá tú sgaóilte: óir tiucfa deatach ón tuáisgeart, agus ní bhía áon na áonar ar uáiribh cinnte.
32Cred fhreagorus neach ann sin do theachdairigh na críche? Gur dhaingnidh an TIGHEARNA Síon, agus go ccuirfid boichd a phobail a ndóigh ann.

Currently Selected:

Isaiah 14: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in