YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 13

13
Caibidil XIII.
Ualach agus leirsgrios na Báibiloine.
1Ualach na Babiloine, noch do chonnairc Isaiah mhac Amos.
2Tógbhuidh súas bratach ar an tslíabh árd, árduighidh an guth chuca, crothaidh an lámh, chor go rachaid go geatadhuibh na núasal.
3Daithin mé dom mhuinntir náomhtha, do ghoir mé mar an ccéadna mo dhaóine árrachda ar son mfeirge, eadhon an drong gháirdigheas ann mo mhórdhachd.
4Fuáim móráin annsna sléibhtibh, mar do bheidís pobal mór; tormán ceannairgtheach rioghachd agus chineadhach ar ccruinniughadh a cceann a chéile: TIGHEARNA na slógh, áirmhios slúagh an chatha.
5Tigid as tír imchéin, ó théoruinn fhlaitheamhnuis, eadhon an TIGHEARNA, agus airm a dhíbhfheirge, do mhilleadh na tíre go hiomlán.
6¶ Núalluighse; óir atá lá an TIGHEARNA do sathair; tiucfa mar scrios ó Nuilechumhachdach.
7Uimesin biáidh a nuile lámh lag, agus leaghfuidh croidhe gach áonduine:
8Agus biáidh eagla orra: géubhuidh píanta agus doilghis greim dhíobh; béid a bpein mar mhnaói ag breith: biáidh úathbhás aca iona chéile; béid a naighthe mar lasracha.
9Féuch, atá lá an TIGHEARNA ag teachd, fuilteach aráon le dioghaltas agus le feirg dhíscir, de dhéanamh na tíre uáigneach: agus léirsgriosfuidh sé na peacachasan aiste amach.
10Oír ní thiubhraid réulta nimhe agus a ccomhshoillsi a solus úatha: dorchuighthear an ghrían iona dhul amach, agus ní thiubhra an ghealach ar a solus déalrughadh.
11Agus smaichdeocha mé an sáoghal ar son a nuilc, agus na ciontuigh ar son a négceirt; agus do bhéara mé ar dhíomus na nuáibhreach scur, agus leagfa mé go hísiol áirdinntinn na núathbhásach.
12Do dhéana mé duine ní sa mhórluáighe ná ór bruinte; eadhon duine ná sparra órdha Ophir.
13Uime sin croithfidh mé na neamha, agus áthrochuigh an talamh as a áit, a bhfeirg THIGHEARNA na slógh, agus a ló a fheirge disgir.
14Agus biáid mar an bhfiadh thaifnighthe, agus mar chaóirigh nach ttógbhann áonduine súas: fillfid síad gach áonduine dhíobh chum a dhaóine féin, agus teithfid gach áon aca dá dhúthaigh féin.
15Gach áon dá bhfuighthear sáithfighear thríd é; agus gach áon dá níadhann ríu tuitfidh leis an ccloidheamh.
16Brisfighear fós a cclann na mblodhuibh as coinne a súl; creachfuighear a ttighthe, agus éigneochthar a mná.
17Féuch, broistéocha mé suas na Médigh na naghaidh, ag naoh bía suim a nairgead; agus ar son óir, ní bhía dúil aca ann.
18Brisfid a mboghadha fós a ndaóine óga na mblodhuibh; agus ní bhía truaighe aca do thoradh na mbronn; ní choigeoluid a súile leinibh.
19¶ Agus an Bhabilóin, glóir na rioghachd, scíamh oirdhearcuis na Gcaildeanach, biáidh sí do nós an tan do scrios Día Sodom agus Gomorrah.
20Ní haítreochthar choidhche í, agus ní choimhneochthar inte ó ghinealach go ginealach: ní mó shuighfios an Tarábianach a champa ann sin; agus ní dhéanaid na háodhaire a máinreacha ann.
21Acht beathuighe állta an díothraimh luidhfeas ann; agus béid a ttighthe lán do chréatúirighibh dóbrónacha; agus áitreochuíd na hulchabhcáin ann, agus do dhéanuid na Sáitír ringce ann.
22Agus éighfid beathuighe állta na noiléan iona ttighthibh uáigneacha, agus dragúin iona bhpálásaibh aóibhinn: agus atá a haimsir a bhfogus do theachd, agus ní cuirfighear a laéthe air cáirde.

Currently Selected:

Isaiah 13: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in