YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 12

12
Caibidil XII.
Dán buidheachuis na bfíréin ar son mhórthrócaire Dé.
1Agus annsa ló sin déaras tusa, A THIGHEARNA, molfa mé thú: má tá go raibh tú feargach riom, do filleadh thfearg uáim, agus do chomhfhurtuigh tú mé.
2Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
3Uimesin maille ré sólás tarrangthaoi uisge as toibreachaibh an tslánuighthe.
4Agus annsa ló so a déarthaoi, Móluidh an TIGHEARNA, goiridh ar a ainm, foillsighidh a ghníomhartha a measg an phobail, déanaidh cuimhne gur hárduigheadh a ainm.
5Canaidh don TIGHEARNA; óir do rinne sé neithe oirdhearca: atá a fhios so ar feadh an domhuin.
6Eígh súas agus gáir, thusa a áitreabhach Síon: óir is mór Aon Náomhtha Israel ad mheadhón.

Currently Selected:

Isaiah 12: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in