YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 11

11
Caibidil XI.
Ceart agus síthchain rígheachta an bheangain thig as bun Iesse, agá mbí 7 tiodhluicthe an Spiorad naóimh.
1Agus tiucfa slat amách as bun Iesse; agus fasfuidh Beangán as a fhréimh:
2Agus áiteochuidh spiorad an TIGHEARNA air, spiorad na heagna agus na tuigse, spiorad na comhairle agus na cumhacht, spiorad a neóluis agus eagla an TIGHEARNA;
3Agus do dhéana sé do thuicsin bhrioghmhair é a neagla an TIGHEARNA: agus ní dhéana breitheamhnus do réir radhairc a shúl, agus ní aithbheoruigh do réir éisteachda a chlúas:
4Acht lé firéantachd bhreithneochuidh sé na boichd, agus aithbheoruidh sé le comhthrom ceannsuighthe na talmhan: agus buáilfidh sé an talamh le slait a bhéil, agus lé hanáil a phuisineadh mhuirfeas sé na cionntoigh.
5Agus budh í a nfíréantach crios a shlíasad: agus a nfírinne crios a dhubhán.
6Coimhneochuidh an mactíre fós a bhfochair an lubháin, agus luighfidh an líopard síos ag an meannán; agus an gamhuin agus an leomhan óg agus an teallach méith a bhfochair a chéile; agus tréorochuidh leanabh beag íad.
7Agus ingheiltfid an mart agus an bheithir; luidhfid a nóga síos a bhfochair a chéile: agus íosuidh an leómhan an tuighe amhuil damh.
8Agus biáidh naóidhe na ccíoch ag súgradh ag poll na haspa, cuirfidh leanabh baineadh do chích a lámh ar úamhuigh an chocatrís.
9Ní dhéanaid siad gortadh ná milleadh ann mo shlíabh náomhtha uile: óir biáidh an talamh lán déolus an TIGHEARNA, mar fholuighid na huisgeadha a nfairge.
10¶ Agus annsa ló sin biáidh fréumh Iesse, noch sheasfas mar bhratuigh don phobal; is chuige íarrfuid na geintidhe; agus biáidh a suaimhneas glórmhar.
11Agus tiucfa a ccrích san ló sin, go ccuirfe an TIGHEARNA a lámha rís an dara huáir do thártháil fhuighill na ndaóine, noch fúigfighear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Phatros, agus ó Chus, agus ó Elam, agus ó Shinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuibh na fairge.
12Agus cuirfidh sé bratach súas do na cineadhachaibh, agus cruinneochuidh sprudhar Israel, agus cruinneochuidh sé a bhfochair a chéile a mbiáidh spréidthe do Iúdah ó cheithre corruibh na talmhan.
13Imeochuidh mar an ccéadna mioscuis Ephraim, agus géarrfuighthear amach naimhde Iúdah: ní fhúathochuidh Ephraim Iúdah, agus ní bhuáidhirfidh Iúdah Ephraim.
14Acht eitilfid ar ghuáillibh na Bhphilistineach don táobh shíar; millfid síad muinntir a noirthir lé chéile: leagfuid síad a lámh ar Edom agus ar Mhoab; agus nimhleochuid clann Ammon dóibh.
15Agus scriosfuidh an TIGHEARNA thríd amach teanga na fairge Egiptigh; agus croithfidh sé a lámh ós cionn na habhanna le neart a spioraide, agus buailfidh sé é annsna seachd srothuibh, agus do bhéara ar dhaóinibh dul tirim thairis.
16Agus biáidh slighe mhór dfuighioll a mhuinntire, noch fhúigfighear, ó Nassíria; mar do bhí do Israel annsa ló a ttáinic súas as crích na Hégipte.

Currently Selected:

Isaiah 11: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in