YouVersion Logo
Search Icon

Isaiah 10

10
Caibidil X.
Cuirfighear Assiria, slat smachduighe an TIGHEARNA, tré theine fa dheire.
1Amhairg don lucht bhreathnuighios breitheamhnus éaigceart, agus scriobhas buáidhreadh dórduigheadar féin;
2Diompógh na neasbhuidheach ó bhreitheamhnus, agus do bhreithre a ceirt ó bhochduibh mo mhuinntire, chor go mbéid na bamtreabhacha na ccreich aca, agus go sladfuid na dílleachdaigh!
3Agus créd do dhéantaoi a ló na cúarta, agus annsa léirsgrios thiucfas as imchían? cía gus a rachthaói ar cabhair? agus cáit a bhfúigfidhe bhur nglóir?
4Am éagmhuissi cláonfuid síos faoi na príosúnachaibh, agus tuitfid faoi na marbhuibh. Ar a shon so uile ní cláochluidhthear a fhearg, acht ata a lamh sínte amach a ccomhnuidhe.
5¶ O a Shírianuigh, slat mfeirge si, agus an bata iona láimh a sí sin mo dhíbhfheargsa.
6Cuirfidh mé é a naghaidh chinidh fhuarchráibhthigh, agus a naghaidh phobail mo dhioghaltais do bhéara mé dhó cúram, a néadáil do ghlacadh, agus an chreach do ghlacadh, agus a saltairt síos amhuil salchar na sráide.
7Acht cheana ní hí sin a intinn: ní mo smuáineas a chroidhe mar sin; ach atá iona chroidhe scrios agus gearradh amach cineadhach nach béagán.
8Oír a deir sé, Nach bhfuilid mo phrionnsoidhe thríd amach na ríghthibh?
9Nach bhfuil Calno mar Charchémis? nach bhfuil Hamat mar Arphad? nach bhfuil Samária mar Dhamascus?
10Fa mar fuair mo lámhsa rioghachda na niodhal, agus ar sháruigheadar a níomháighe grábhálta íad súd ann Ierusalem agus a Samária;
11Mar do rinne misi re Sámaria agus re na hiodhalaibh, mar sin nach déana mé, re Ierusalem agus re na hiodhaluibh?
12Uimesin tiucfa a ccrích, a nuáir chriochnochus an Tighearna a obair iomlán ar shliabh Sion agus ar Ierusalem, diogholuidh mé toradh an chroidhe uáibhrigh ar rígh na Hassiria, agus glóir a radhairc aird.
13Oir a déara sé, Lé neart mo lámh do rinne mé é, agus lé mo ghliocus; óir atáim glic: agus dáthruigh mé téora na ndaoine, agus do shlad mé a nionnmhus, agus dol chuir mé síos na dúthchusaigh amhuil duine cródha.
14Agus fuáir mo lámh amhuil nead, saidhbhrios an phobail: agus mar chruinnighios neach uighe do fágbhadh, do chruinnigh mé an talamh uile; agus ní raibh neach do chorruidh an sciathán, nó dfoscuil an béul, nó do phiobuidh.
15A ndéana an túagh spleadhachus aiste féin a naghaidh an té ghearras lé? an mórfuidh an tuiriosg é féin a naghaidh an té chroitheas é? mar do chroithfeadh an tslat í féin anaghaidh an té thógbhas súas í, no mar thóigfeadh an bata é féin súas, mar budh nach ar mhaide é.
16Uimesin cuirfidh an Tighearna, Tighearna na slógh, trúadhus a measg a dhaóine méithe; agus faói na ghlóir lasfuidh sé losgadh amhail losgadh teineadh.
17Agus biaidh solus Israel mar theine, agus a Aóin Náomhtha mar lasair: agus loisgfidh agus caithfidh a dhreasa agus a dhosáin a náonló;
18Agus críochnochuigh glóir a fhoraóise, agus a mhachaire thórthuigh, eidir anam agus chorp: agus biáidh mar fhear bratuighe a nuáir a laguidhear é.
19Agus an chuid oile do chrannuibh a fhoraóise budh tearc íad, go scriobhthadh leanamh íad.
20¶ Agus tiucfa a ccrich annsa ló sin, an fuighioll bhías do Israel, agus an mhéid rachus as do thigh Iácob, nach bhfanfuid ní is mó airsion noch do bhuáil íad, achd fanfuidh ar an TTIGHEARNA, Aon Naomhtha Israel, a bhfírinne.
21Fillfidh an fuighioll, eadhon fuighioll Iácob, chum an Dé chumachdaigh.
22Oír bith go bhfuil do phobal Israel mar ghaineamh na fairge, gidheadh fillfidh a bhfuighioll: an dioghbháil ar na fhúagra tuileochuigh thairis lé fíréantacht.
23Oir do dhéana an Tighearna DIA na slógh criochnughadh, mar do tionnsgnadh a meadhón na tire uile.
24¶ Uimesin is mar so a deir an Tighearna DIA na slógh, O mo phobal chomhnuigheas ann Sion, ná bíodh eagla na Nassirianach ort: buáilfidh sé thú lé slait, agus tóigfe sé súas a bhata ad aghaidh, do réir mhodha na Hégipte.
25Oír fós a ro bheagán aimsire, agus scuirfidh an díbhfhearg agus mfeargsa ann a scriosson.
26Agus corrochuigh TIGHEARNA na slógh scíursa súas dó do réir áir Mhídian ag an ccarraig Oreb: agus fa mar do bhí a shlat ar an bhfairge, mar sin thóigfios sé súas í do réir mhodha na Hégipte.
27Agus tiucfa a ccrích annsa ló sin, go ttóigfear a úalach dot ghúaluinn, agus a chuing dot mhuineal, agus brisfighear a chuing bhrigh a ungthaidh.
28¶ Tháinic sé go Haiat, do chuáidh sé go Mígron; a Michmas do chuir sé a charáiste a náirde:
29Agus do chúadar anonn thar an tóchar: do thógbhadar súas a lóistín ann Géba; ata Ramah eaglach; do theith Gibeah Shauil.
30Tóg súas do ghuth, a inghean Ghallim: tabhair fa deara a chluinsin go Lais. Anatot bhoichd.
31Do háthruigheadh Madmenah; do chruinnigheadar dúthchusaigh Ghébim íad féin do theitheamh.
32Fanfuidh sé go fóill a Nob annsa ló sin: croithfidh sé a lámh a naghuidh sléibhe inghine Síon, cnoc Ierusalem.
33Féuch, an Tighearna, TIGHEARNA na slógh, géarrfuidh sé an beangán maille re criothnughadh: agus na crainn árda a méid géarrfuighear síos íad, agus uimhleochthar an tuáibhreach.
34Agus géarrfaidh sé síos tiugh na bhforaóiseach le híarann, agus tuitfidh Lebanon le neach láidir.

Currently Selected:

Isaiah 10: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in