YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 24

24
Caibidil XXIV.
Elieser ar ttabháirt Rebecah leis as Mesopotamia, 67 ghabh Isaac chuige na mnaoi phósda í.
1Agus do bhí Abraham áosta, agus ar ndul a láethibh, agus do bheannuigh an TIGHEARNA Abraham sa nuile ní. 2Agus a dubhairt Abraham ris an tsearbhfoghantuigh fá sine na thigh, do riaghluidh a nuile ní dá raibh aige, Guidhim thú, cuir do lámh fáoi mo shlíasuid: 3Agus do bhéur ort a mhionnughadh treas an TTIGHEARNA, Día nimhe, agus Día na talmhan, nach dtiubhra tú bean dom mhac dingheanuibh na Ccanaaniteach, a measc a náitreabhuim: 4Ach rachaidh tu dom dhúthaigh, agus go nuige mo gháol, agus do bhéura tú bean dom mhac Isaac. 5Agus a dubhairt an searbhfoghantuigh ris, Do bféidir nach bíadh fonn ar an mnáoi misi leanmhuin don tírsi: an ccaithfidh mé do mhac do bhreith a rís don tír as a ttáinic tusa? 6Agus a dubhairt Abraham ris, Tabhairsi dod aire nach béura tú mo mhac ann sin a rís. 7An TIGHEARNA Día nimhe, noch tug misi ó thigh mathar agus ó dhúthuighe mo chinidh, agus noch do labhair rium, agus tug a mhionna dhamh ag rádh, Dod shíol do bheura mé an dúthaighsi; cuirfidh sé a aingeal romhad, agus do bhéura tú bean dom mhac as sin. 8Agus muna áill ris an mnáoi do leanmhuin, ann sin bhías tusa sáor óm mhionnuibhsi: amháin ná beir mo mhac an sin a rís. 9Agus do chuir an searbhfoghantuigh a lamh fáoi shliasuid Abraham a mhaighistir, agus tug a mhionna dhó a ttáoibh na cúisisin. 10Agus do ghlac an searbhfoghantuigh deich ccámhuill do ccámhuillibh a mhaighistir, agus do imthigh; óir do bhí máoin a mhaighisdir uile fá na lamhuibh: agus do éirigh sé, agus do chuáidh go Mesopotámia go cathair Nahor. 11Agus tug ar a chámhulluibh a légion ar a nglúinibh táobh a mnigh don chathruigh laimh ré tobar uisge a naimsir an tráth nóna, eadhon sa nam a ttéid mná amach do tharruing uisge. 12Agus a dubhairt sé, A THIGHEARNA a Dhé mo mhaighistir Abraham, íarrum ort, rathaidh dhamh san ló so, agus taisbein cinealtus dom mhaighistir Abraham. 13Feuch, atáim am sheasamh ann so láimh ris an ttobar uisge; agus tigid ingheana mhuinntire na caithreach amach do tharruing uisge; 14Agus tigeadh a ccrích, an mhaighdean ré naibeóra misi, Guidhim thú, leig ar lár do shoitheach, go nibhe mé deoch; agus a déura sisi, Ibh, agus do bhéura mé deoch dot chámhulluibh mar an ccéudha: go madh í sin an bhean do órduigh tusa dot sheirbhíseach Isaac; agus ris sin aithnidhe misi gur thaisbéin tú cinealtus dom mhaighistir. 15Agus tárla, suil do sguir sé do chaint, féuch, go ttáinic Rebecah amach, noch rugadh do Bhetuel mac Mhilcah, bean Nahor, dearbhrathair Abraham, agus a soitheach ar a gúalainn. 16Agus do bhí a nóigbhean ro sgíamhach ré feachuin uirre, na maighdin agus níor chionntuigh éinfhear ria: agus do chuáidh síos gus an ttobar, agus do líon a soitheach agus táinig a nshíos. 17Agus do rith an seirbhíseach do theagmháil ría, agus a dubhairt, Guidhim thú, leig dhamhsa beagan uisge ól as do shoitheach. 18Agus a dubhairt sísi, Ibh, a thighearna: agus do rinne si deifir, agus do leig síos a soitheach air a láimh, agus tug deoch dhó. 19Agus tar éis deoch a thabhairt dhósan, a dubhairt si, Tarreonguidh mé uisge fós dod chámhulluibh, go nibhid a ndiol. 20Agus do dheifrigh, agus do fholmhuigh a soitheach ann sa numhar, agus do rith a rís gus an ttobar do tharrang uisge, agus do tharruing dá chámhulluibh uile. 21Agus ag déunadh iongantuis do nóglach, do bhí na thochd, da fhéuchoin a ndearna an TIGHEARNA a thurus sona, nó nach dearna. 22Agus tárla, a ndiaigh na ccamhull ól a sáith, go rug an tóglach ar chlúasfháinne óir, leith-shecel do chomhthrum, agus dhá bhráisléd da lámhuibh do chomhthrum dheich secel óir; 23Agus a dubhairt, Cía dar ab inghean tú? guidhim thú, innis damh: an bhfuil áit a ttigh hathar ann ar feidir linn lóistín dfagháil? 24Agus a dubhairt sisi ris, As misi inghean Bhétuel mac Mhilcah, noch rug sí do Nahor. 25A dubhairt sí rís fós, Atá aguinne tuighe agus beatha go lór, agus áit lóistín. 26Agus do chrom an tóglach a cheann síos, agus do onóruigh sé an TIGHEARNA. 27Agus a dúbhairt sé, Go madh beannuighe an TIGHEARNA Día mo mhaighistir Abraham, nach ar dhearmuid mo mhaighistir ann a thrócaire, agus ann a fhírinne: ar mbeith dhamhsa ar slighe, do threóruigh an TIGHEARNA mé go tigh dhearbhráithreach mo mhaighistir. 28Agus do rith a nóigbhean, agus do innis do mhuinntir tighe a mathar na neithesi. 29Agus do bhí dearbhráthair ag Rebecah, agus a sé dob ainm dhó Lában: agus do rith Lában amach gus a nóglach, go nuige an tobar. 30Agus tárla, a nuáir do chonnairc sé an fáinne cluaise agus na bráisléid ar lámhuibh a dheirbhsheathrach, agus a nuáir do chuála bríathra Rebecah a dheirbhsheathrach, ag rádh, mar so do labhair an tóglach rium; go ttáinic chum a nógláoich; agus, féuch, do bhí sé na sheasamh láimh ris na cámhulluibh ag an ttobar. 31Agus a dubhairt sé, Tárr a steach, tusa atá beannuighe ón DTIGHEARNA; créud fá seasann tú amuigh? óir do ghléus misi an tigh, agus áit do na cámhulluibh. 32Agus táinig an toglach don tigh: agus do sgáoil seision a chámhuill, agus tug tuighe agus bíadh do na cámhullaibh, agus uisge dionnladh a chos, agus cos na muinntire do bhí leis. 33Agus do cuirreadh bíadh na bhfiaghnuisi ré na ithe: achd a dubhairt seision, Ní íosuidh mé nó go ninnisi mé mo theachdaireachd. Agus a dubhairt seision, Abair náit. 34Agus a dubhairt sé, As misi óglach Abrahaim. 35Agus do bheannuigh an TIGHEARNA mo mhaighistir go mór; agus do fhás sé mór; agus tug sé dhó tréuda, agus airgheadha, agus ór agus airgead, agus seirbhísigh fear, agus seirbhísigh ban, agus cámhuill agus asail. 36Agus Sárah bean mo mhaighistir rug sí mac dom mhaighistir a nuáir do bhí sí áosda: agus as dó sin tug sé a raibh aige. 37Agus tug mo mhaighistir mionna ormsa, ag radh, Ní thiubhra tú bean dom mhac dingheannuibh na Ccanaaníteach, a ndúthaidh a bhuilim am chomnuidhe: 38Ach rachaidh tú go tigh máthair, agus go nuige ma gháol, agus do bhéura tú bean dom mhac. 39Agus a dubhairt misi rém mhaighistir, Gur bhféidir nach leanfadh an bhean mé. 40Agus a dubhairt seision rium, An TIGHEARNA as comhuir a shiuluimsi cuirfidh sé a aingeal leachd, agus soirbheóchuidh do shlighe; agus do bhéura tú bean dom mhacsa dom gháol, agus do thigh máthar: 41Ann sin bhías tú sáor om mhionnuibhsi, a nuáir thiucfas tú go nuige mo gháol; agus muna ttugaid síad bean duit, biáidh tú glan óm mhionnuibhsi. 42Agus táinig mé a niuigh go nuige an tobar, agus a dubhrus, A TIGHEARNA Día mo mhaighistir Abraham, annois má shoirbhigheann tú mo shlighe ann a bhfuilim ag dul: 43Feuch, atáim am sheasamh ag an ttobar uisge, agus teigeomhuidh a nuáir thiucfas an cailín amach do tharruing uisge, agus a déura misi ría, Guidhim thú, tabhair dhamh beagán uisge as do shoitheach ré na ól: 44Agus a déura sisi rium, Ibh féin deoch, agus tarreonguidh misi mar an ccéadna dod chámhulluibh: go madh í sin an bhean do chinn Día do mhac mo mhaighistir. 45Agus suil do sguir mé do labhairt am chroidhe, Feuch, táinic Rebecah amach agus a soitheach ar a gúaluinn; agus do chuaidh sios gus an tobur, agus do tharruing uisge: agus a dubhairt misi ría, Guidhim thú, léig dhamh ól. 46Agus do dheifrigh sisi, agus do léig a soitheach dá gúaluinn, agus a dubhairt, Ibh, agus do bhéura mé deoch dod chamhulluibh mar an ccéadna: ann sin doibhios, agus tug sí deoch dom chámhulluibh mar ann ccéadna. 47Agus do fhíafruigh misi dhi, ag radh Cía darab inghean thú? Agus a dubhairt, Inghean Bhétuel mhac Nahor, noch rug Milcah dhó: agus do chuir misi fáinne cluaisi air a haghuidh, agus bráisléd ar a lámhuibh. 48Agus do chrom mé síos mo cheann, agus do adhrus an TIGHEARNA, agus do bheannuigh mé an TIGHEARNA Día mo maighistir Abraham, noch do thréoruigh mé sa tslighe chóir do thabhairt inghine dearbhrathar mo mhaighistir da mhac. 49Agus annois má ní tusa go cinealta agus go firinnioch re mhaighistir, innis damh: agus muna ndearnair innis damh; ionnus go niompoighe mé ar án láimh dheis, nó chlé. 50Annsin do fhreagair Laban agus Bétuel, On TIGHEARNA thig an chúis: ni fhéudmuidne maith ná olc do radh riot. 51Féuch, atá Rebecah as do choinne, gabh chugad í, agus imthigh, agus bíodh na mnáoi ag mac do mhaighistir, mar do labhair an TIGHEARNA. 52Agus tárla, a nuáir do chúaluigh óglach Abraham a mbríathra, do onóruigh sé an TIGHEARNA, go nuige an talamh. 53Agus thug an tóglach amach séoid airgid, agus séoid óir, agus éuduighe, agus tug iad do Rebecah: agus tug mar an ccéadna dá dearbhrathair agus da mathair neithe morluáidh. 54Agus a duadur agus do ibhidur, eision agus an mhuinntir do bhí na fhochair, agus do fhanadur feadh na hoidhche; agus do éirgheadur ar maidin, agus a dubhairt seision, Cuiridh ar siubhal mé go nuige mo mhaighistir. 55Agus a dubhairt a dearbhrathair agus a mathair, Fanadh an calín aguinn beagán laéthe, deich lá an chuid as lugha; agus na dhiáigh sin imeochuidh sí. 56Agus a dubhairt seision riú, Ná toirmisgidh mé, ó shoirbhidh an TIGHEARNA mo thurus; cuiridh ar siubhal mé, go rachuinn chum mo mhaighistir. 57Agus dubhradursan, Goifeam an cailín, agus fiofrocham sin dá béul. 58Agus do ghoireadh Rebecah, agus dfíafruigheadur dhi, an rachuidh tú leis an bhfearso? Agus a dubhairt sisi, Rachad. 59Agus do chuireadur ar siubhal Rebecah a ndeirbhseathrach agus a buime, agus óglach Abrahaim, agus a mhuinntir. 60Agus do bheannuigheadur Rebeca, agus a dubhradur ría, As tú ar ndeirbhshiúr, bí ad mhathair mhílte do mhillíunuibh, agus sealbhuighidís do shíol geatuidhe an luchda lér fúath íad. 61Agus do éirigh Rebecah, agus a muá coimhidechda, agus do chúadur ar na cámhuilluibh, agus do leanadur an tóglach: agus do ghabh an tóglach Rebecah chuige, agus do imthigh roimhe. 62Agus táinic Isaac ó shlighe an tobair Lahai-roi; óir do áitigh sé ann sa tír ó dheas. 63Agus do chuáidh Isaac amach do mheabhradh ar an machaire tráth nóna: agus do thóg suas a shúile, agus do chonnairc, agus, féuch, do bhádur na cámhuill ag teachd. 64Agus do thóg Rebecah a súile suas, agus a nuair do chonnairc sí Isaac, do thuirling don chámhull. 65Oír a dubhairt sí ris a nóglach, Cía hé an duinesi thríallus ann sa mhachaire do theagmháil rinn? agus a dubhairt an tóglach, A sé sud mo mhaighistir: uimesin do ghlac sisi brat, agus do fholuidh a haghaidh. 66Agus do innis an tóglach Disaac a nuile ní dá ndearna. 67Agus tug Isaac leis í go Pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh chuige Rebecah, agus do bhí na mnáoi aige; agus do ghrádhuigh í: agus do comhfhurtachduigheach Isaac déis bháis a mhathar.

Currently Selected:

Genesis 24: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in