YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 23

23
Caibidil XXIII.
Aois agus bás Shárah. 19 Ionad a hadhlaicthe.
1Agus do bhí Sárah céud agus seachd mbliadhna fichiod dáois; bodh hiad so bliadhna bheatha Shárah. 2Agus fuáir Sárah bás a Cciriat-arba; a se sin Hebron a ttír Chanaáin: agus táinig Abraham do dhéunamh doilghis fa Shárah, agus do ghul tríthe. 3Agus do sheas Abraham súas ó lathair a mhairbh, agus do labhair ré macuibh Het, dhá rádh, 4Atáimsi am choimhightheach agus am fhior cnarta aguibhse: tugaidh dhamh áit adhluice aguibh, go nadhlacuinn mo mhairbh as mo radharc. 5Agus do fhreagrádar clann Hét Abraham, ag rádh ris, 6Eísd rinne a thighearna: a táoisi ad phrionnsa chumhachdach eadruinne, cuir do mhairbh an do rogha róimh adhlaice dá bhfuil aguinn: ní choinneochuidh áonduine aguinn a thúma uáit. 7Agus do sheas Abraham suas, agus do umhluidh sé é féin do mhuinntir na tíre, eadhon do chloinn Hét. 8Agus do labhair sé ríu, ag radh, Má sí bhur ninntinn go nadhlacuinn mo mhairbh as mo radharc; éistigh rium, agus labhruidh ar mo shon re Hephron mac Sohar, 9Go ttugadh sé dhamh uáimh Mhachpelah, noch atá aige, atá a ndeireadh a mhachaire; ar iomlán a nairgid as fíu é do bhéura se dhamh é, mar sheilbh áite adhlaice eadruibhsi. 10Agus do bhí Ephron na chomhnuidhe a measg chloinne Hét: agus do fhreaguir Ephron an Hititeach Abraham a neisdeachd chloinne Héth, eadhon gach áoin dá ndeachuidh a steach a ngeatadhuibh a chaithreach, dá rádh. 11Ní headh, a thighearna, éisd riumsa: an magh do bheirim dhuit, agus a nuáimh atá ann, do bheirim dhuit é; a lathair chloinne mo dháoine bheirim dhuit é: adhluic do mhairbh. 12Agus do umhluigh Abraham é féin síos a lathair luchd na tíre. 13Agus do labhair ré Héphron a néisteachd phobuil na tíre, ag rádh, Ach má bheir tusa uait é, íarruim ort, éisd riumsa: do bhéura misi airgead duit ar an magh; glac uáim é, agus adhlaicfidh mé mo mhairbh ann. 14Agus do fhreagair Ephron Abraham, ag rádh ris. 15A thighearna, éist riumsa: as fíu an fearann ceithre chéud secel airgid; créad é sin eadrumsa agus tusa? uime sin adhluic do mhairbh. 16Agus tug Abraham airé Déphron; agus do mheadhuigh Abraham an tairgead Déphron, fá mar dainmnidh sé a néisteachd mhac Hét, ceithre chéad secel airgid, chorónta ag an cceannuighe. 17Agus magh Ephroin, noch do bhí a Machpelah, as comhair Mhamre, an magh, agus a nuaimh do bhí ann sin, agus a nuile chrann do bhí san mhachaire, noch do bhí ann sna teórannuibh fá ccuairt, do rinneadh daingean íad 18Dabraham mar sheilbh a lathair chloinne Hét, as coinne a ndeachuidh a steach a ngeatadhuibh a chaithreach. 19Agus na dhiáigh so, do adhluic Abraham Sárah a bhean a nuáimh mhuighe Mhachpelah láimh re Mamre: a sé sin Hébron a ttír Chánaain. 20Agus an magh, agus a nuaimh atá ann, do rinneadh daingean íad Dabraham mar sheilbh áite adhluicthe o mhacuibh Hét.

Currently Selected:

Genesis 23: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in