YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 25

25
Caibidil XXV.
Sliochd Abraham thríd Chetúrah. 7 A aois agus a bhás. 24 Rugadh do Isaac, Esau agus Iacob.
1Ann sin tug Abraham bean, agus do bé a hainm Cetúrah. 2Agus rug sí dhó Simran, agus Iocsan, agus Médan, agus Mídian, agus Isbac, agus Suah. 3Agus do ghein Iocsan Séba, agus Dédan: agus dob íad mic Dhédain Asurim, Letusim, agus Leumim. 4Agus mic Mhídian Ephah, agus Epher, agus Hanoch, agus Abidah, agus Eldaah. Dob íad so uile clann Chetúrah. 5Agus tug Abraham a raibh aige dIsaac. 6Agus do chloinn na leannán, do bhí ag Abraham, tug Abraham tiodhlaicthe, agus do chuir sé air siubhal íad ó na mhac Isaac, (an fad do bhí fós béo) soirin, don tír shoir. 7Agus a síadso láethe bhliadhna Abraham, noch do mhair, céud, trí fichid, agus a cúig déug do bhliadhnuibh. 8Ann sin thug Abraham suas an Spioraid, agus déug a náois foirfe mhaith, na sheanduine lán do bhliadhnuibh, agus do cruinngheadh dhá mhuintir é. 9Agus do adhlaiceadur a mhic, Isaac agus Ismael é a nuaimh Mhachpelah a magh Ephron mhac Sohar an Hititeach, noch atá as coinne Mhamre. 10An magh do cheannuigh Abraham ó mhacuibh Het: an sin do hadhlaiceadh Abraham, agus a bhean Sárah. 11Agus tárla déis bháis Abraham gur bheannuigh Día a mhac Isaac, agus do bhí Isaac na chomhnuighe láimh ré tobar Lahai-roi. 12Annois asiád so geincaluigh Ismael mhac Abrahaim, noch rug Hágar an Tégiptach cumhul Shárah, Dabraham. 13Agus asíadso anmanna mhac Ismael, ann a nanmannuibh do réir a ngeinealach; cédghin Ismael Nebaiot; agus Cedar, agus Adbeel, agus Mibsam. 14Agus Misma, agus Dumah, agus Massa. 15Hadar, agus Tema, Ietur, Naphis agus Cedemah. 16Asíad so mic Ismael, agus asíad so a nanmanna ó na mbailtibh, agus óna ccaisleannuibh; dhá phriunnsa dhéug do reír a ccinidheach. 17Agus asíad so bhíadhna sháoghail Ismael, céd agus tríochad agus seachd mbliadhna, agus do thréig a spiorad, agus fuair bás, agus do cruinnigheadh dhá mhuinntir é. 18Agus do aítreabhadur ó Habhilah go Sur, atá as coinne na Hégipte mar do rachtha a ccionn na Hasiria: agus do dhéug sé a lathair a dhearbhrathar uile. 19Agus asíad so geinealuidh Isaac, mhac Abrahaim: do ghein Abraham Isaac; 20Agus do bhí Isaac ceathrachad bliadhain dáois a núair thug sé Rebecah do mhnaoi, Inghean Bhétuel an Sírianach ó Phadan-aram, deirbhshiúr do Lában an Sírianach. 21Agus do ghuidh Isaac an TIGHEARNA air son a mhná, do chionn go raibh sí aimrid, agus do éisd an TIGHEARNA a ghuidhe agus do toirrcheadh a bhean Rebecah. 22Agus do rinneadar an chlann ceannaruic a stigh inti; agus a dubhairt sisi, Más mar sin atá, créd as a bhfuilimsi mar so? agus do chuáidh dhá fhíafruighe don TIGHEARNA. 23Agus a dubhairt an TIGHEARNA ría, Dá chineadh atá ad bhroinn, agus dha chinéil dáoine dhealóchthar ód chorp; agus biáidh cineadh dhíobh as láidre na an cineadh eile; foigheónuidh an sinnsear don tsósar. 24Agus a nuáir do coimhlíonadh láethe a tuismidhe, féuch, do bhí cúpla na broinn. 25Agus táinig an chéudghia amach dearg go huilidhe, amhuil éudach clumhthach; agus tugadar Esau dainm air. 26Agus na dhiáigh sin tháinig a dhearbhrathair amach, agus do bhi greim agá láimh ar sháil Esau; agus tugadh Iácob dainm air: agus do bhi Isaac trífichid bliadhan dáois a nuáir do rugadh íadsan. 27Agus do fhásadur na buachuillidhe: agus do bhí Esau na fhiadhghuidhe ghlic, duine don mhachaire; agus do bhí Iacob na dhuine shoilléir ag áitreabh a bpuiblibh. 28Agus dob ionmhuin lé Hísaac Esau, do chionn go nitheadh dá fhíadhach: ach dob ionmhuin le Rebecah Iácob. 29Agus do bhruith Iácob brochán, agus táinic Esau ón mhachaire, agus do bhí lag: 30Agus a dubhairt Esau ré Iácob, Guidhim thú beathuigh mé, leis an mbrochán ndeirg sin; óir atáim lag: uime sin do goireadh Edom dainm dhe. 31Agus a dubhairt Iácob, Reac leam san ló aniugh do cheart beirthe. 32Agus a dubháirt Esau, Féuch, atáim ag dul a dhéug: agus créad an tarbha dhéunas an ceart-beirthesi dhamh? 33Agus a dubhairt Iácob, Mionnuigh dhamhsa san ló a niugh, agus tug sé a mhionna dhó: agus do reac a cheart-beirthe ré Iacob. 34Ann sin tug Iácob arán agus brochán luibhionn dó Esau; agus a duaigh agus do ibh sé, agus do éirigh suas, agus do imthigh roimhe: mar so do tharcuisnígh Esau a cheart beirthe.

Currently Selected:

Genesis 25: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in