Síorach 46
46
Iósua agus Cálaeb
1Gaiscíoch i gcath ab ea Iósua mac Nún,
agus ba é comharba Mhaois é i bhfáidheoireacht;
rinneadh de, mar ba dhual dó óna ainm,
slánaitheoir mór ar an bpobal tofa
le díoltas a imirt ar na naimhde a d'éirigh ina choinne,
d'fhonn go gcuirfeadh sé Iosrael i seilbh a oidhreachta.
2Nár ghlórmhar é ag ardú a lámh,
agus ag síneadh a chlaímh in aghaidh na gcathracha!
3Cé a sheas chomh daingean leis riamh roimhe sin?
óir rinne sé cogaí an Tiarna a fhearadh.
4Nár choimeád a lámh an ghrian ar gcúl?
nach ndearnadh amhail dhá lá den aon lá amháin?
5Ghlaoigh sé ar an té is Airde, an Tréan,
agus na naimhde á thimpeallú ó gach taobh;
d'fhreagair an Tiarna Mór é le clagarnach clocha.
6D'fhear sé cogadh ar an gcine úd
agus ag Fána [Bhéit Horon] scrios sé an céile comhraic,
i dtreo go mbeadh eolas ag na ciníocha ar a ghaisce,
agus go mbeadh a fhios acu gur in aghaidh an Tiarna a bhí a gcogadh.
7Óir leanadh sé an Tréan,
agus le linn Mhaois thug sé seirbhís dhúthrachtach,
eisean agus Cálaeb mac Iafuna;
mar sheas siad an fód in aghaidh an chomhthionóil go léir,
agus chosc siad an peaca ar an bpobal,
agus chiúnaigh siad a monabhar coiriúil.
8Caomhnaíodh an bheirt sin amháin,
as sé chéad míle a bhí sa siúl,
lena dtabhairt isteach ina n‑oidhreacht,
i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
9Thug an Tiarna neart do Chálaeb,
neart a mhair aige go dtí a sheanaois,
i dtreo go ndeachaigh sé faoi na hardáin suas
agus go bhfuair a chlann iad mar oidhreacht;
10Le go bhfeicfeadh clann Iosrael uile
gur maith é an Tiarna a leanúint.
Na Breithiúna
11Na breithiúna chomh maith, gach duine díobh, de réir a ghlaoch,
nár thit a gcroí in íoladhradh,
agus nár thug cúl riamh leis an Tiarna,
go raibh beannachtaí ar a gcuimhne!
12Go raibh bláth as a gcnámha in áit a lonnaithe,
agus go raibh ainm na muintire a fuair onóir
beo arís ina gclann mhac.
13Ba é Samuéil muirnín an Tiarna;
ba fháidh leis an Tiarna é agus bhunaigh sé an ríocht,
agus d'ungaigh sé rialtóirí ar a phobal.
14Thug sé breith ar an gcomhthionól de réir dhlí an Tiarna,
agus thug an Tiarna aire do Iacób.
15Aithníodh ina fháidh é de bharr a dhílseachta,
agus ba fhios gur físí iontaofa é ar a bhriathra.
16Ghlaoigh sé ar an Tiarna, an té atá cumhachtach,
nuair a bhrúigh a naimhde air ó gach taobh,
agus d'ofráil sé uan diúil mar íobairt.
17Bhúir an Tiarna ó na flaithis,
agus thug a ghlór á chloisteáil ina thoirneach thréan.
18Scrios sé ceannairí na Tuíre,
agus rialtóirí uile na bhFilistíneach.
19Roimh uair a shuaimhnis shíoraí
thug [Samúéil] fianaise i láthair an Tiarna agus a ungthaigh:
“Níor thóg mé maoin aon duine, fiú péire cuarán,”
agus níor chúisigh aon duine é.
20Fiú tar éis dó dul chun suain, thug sé fáistine arís,
agus nocht don rí go raibh an bás chuige;
d'ardaigh sé a ghlór ón talamh i dtairngreacht,
le hurchóid an phobail a scuabadh chun siúil.
Currently Selected:
Síorach 46: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.