Síorach 45
45
Maois
1Chuir an Tiarna fear trócaireach ar fáil as a shíol,
fear ar a raibh gnaoi an uile dhuine,
agus ar thug Dia agus duine grá dó,
Maois a bhfuil a chuimhne faoi bheannacht.
2Rinne sé ar aon dul i nglóir leis na naoimh é,
agus mhóraigh é le scanradh a chur ar a naimhde.
3Chuir sé deireadh le hiontais trí bhriathra [Mhaois],
agus thug sé onóir dó i láthair ríthe;
thug sé aitheanta dó dá phobal
agus nocht dó cuid dá ghlóir.
4Naomhaigh sé é le dílse agus le ceansacht,
agus thogh é as an cine daonna uile.
5Lig sé dó a ghlór a chlos
agus sheol amach é faoin dorchacht thiubh;
thug sé dó na haitheanta aghaidh ar aghaidh,
agus dlí na beatha agus an fheasa,
leis an gconradh a theagasc do Iacób,
agus a bhreitheanna d'Iosrael.
Árón
6D'ardaigh sé Árón, deartháir Mhaois,
fear naofa mar é de threibh Léiví.
7Rinne sé conradh síoraí leis,
agus thug dó sagartacht an phobail,
mhaisigh sé é le héidí taibhseacha,
agus chuir fallaing ghlórmhar uime:
8Ghléas sé é le barr maise
agus neartaigh é le comharthaí sóirt an údaráis,
briste, fallaing agus éafód.
9Chuir sé pomagránaití ina thimpeall,
agus cloigíní óir go flúirseach thart air,
le bualadh le gach coiscéim,
i dtreo go gcloisfí a nglór sa Teampall,
mar chuimhniú do chlann a mhuintire.
10Chuir sé air an éide bheannaithe d'ór agus de ghorm
agus de chorcra agus de shaothar broidnéireachta;
agus oracal an bhreithiúnais, an tÚirím agus an Tuimím
de chraorag cas, saothar ceardaí:
11Agus líoga lómhara gearrtha mar shéalaí,
i leaba airgid, saothar gabhann ghil,
mar chuimhniú, lena scríbhinní greanta,
ar threibheanna Iosrael de réir a lín.
12Agus lann óir ar a chaidhp,
agus séala coisricthe greanta uirthi,
ornáidíocht thar barr, scoth saothair,
maisiúlacht a chuirfeadh gliondar ar an tsúil.
13Roimh a ré ní raibh riamh a leithéid de mhaise;
níor chuir aon duine deoranta uime riamh iad
seachas a chlann mhac féin agus a shliocht go brách.
14Bhí a íobairtí le huileloscadh
dhá uair sa lá gan teip.
15Rinne Maois é a choisreacan
agus a ungadh le hola bheannaithe;
ba chonradh síoraí aige é,
agus ag a shliocht, fad a mhairfidh na flaithis,
le seirbhís a dhéanamh don Tiarna agus fónamh mar shagart,
agus an pobal a bheannú ina ainm.
16Roghnaigh sé é thar an uile dhuine beo
le híobairtí a ofráil don Tiarna,
túis agus cumhracht mar chuid chuimhneacháin,
le leorghníomh a dhéanamh ar son an phobail.
17Thug sé a aitheanta ar iontaoibh dó,
agus chuir reachtanna an dlí faoina chúram,
lena reachtanna a theagasc do Iacób,
agus lena dhlí a shoilsiú d'Iosrael
18Rinne daoine lasmuigh comhcheilg ina aghaidh,
agus bhíodar in éad leis san fhásach:
Dátán agus Aibíorám agus a gcuid fear,
Corach agus a chomplacht i bhfraoch feirge.
19Chonaic an Tiarna é sin agus níor mhéin leis é,
agus scriosadh iad i gcuthach a fheirge;
rinne sé éachtaí ina n‑aghaidh lena n‑ídiú sa tine loiscneach.
20Chuir sé breis le glóir Árón,
agus thug oidhreacht dó;
chinntigh sé tús na gcéadtorthaí dó,
agus d'ullmhaigh arán na gcéadtorthaí go flúirseach.
21Óir itheann siad íobairtí an Tiarna,
mar thug sé dó féin agus dá shliocht iad.
22Ach níl fad d'oidhreacht aige i dtalamh a mhuintire,
ná aon chuid aige leis an bpobal;
óir is é an Tiarna féin a chuid roinne agus a oidhreacht.
23Tá Píneachás mac Eileázár sa tríú háit i nglóir,
de bharr a dhúthracht in eagla an Tiarna,
agus de bhrí gur sheas sé an fód, nuair a thug an pobal cúl,
le barr daingine agus dílseacht croí,
agus de bhrí go ndearna sé leorghníomh thar ceann Iosrael.
24Bunaíodh conradh síochána leis dá bharrsan,
le go mbeadh sé ina cheannaire ar an sanctóir agus ar an bpobal,
agus go mbeadh dínit na sagartachta
aige féin agus ag a shíol go brách.
25Bunaíodh conradh chomh maith le Dáiví,
mac Ieise, de threibh Iúdá,
comharbacht ríoga ó athair go mac amháin;
ach tá a shíol go léir i gcomharbacht ar Árón.
26Go dtuga an Tiarna eagna in bhur gcroí,
le breith a thabhairt go fíréanta ar a phobal,
i dtreo nach rachadh a suáilce ar ceal,
agus go mairfeadh a nglóir ó ghlúin go ghlúin.
Currently Selected:
Síorach 45: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.