YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 47

47
Nátán
1Ina dhiaidh siúd, d'éirigh Nátán suas,
le fáistine a dhéanamh le linn Dháiví.
2Amhail a dhealaítear an gheir ón íobairt shíochána,
sin mar a dealaíodh Dáiví ó chlann mhac uile Iosrael.
3Bhíodh sé ag súgradh le leoin faoi mar ba mheannáin iad,
agus le mathghamhna faoi mar ba uain an tréada iad.
4Nuair nach raibh ann ach gasúr nár mharaigh sé fathach,
agus nár thóg sé an aithis dá mhuintir,
nuair a d'ardaigh sé a lámh le cloch ina chranntabhaill
lenar leag sé Góla ar lár ina dhíomas?
5Óir ghlaoigh sé ar an Tiarna, an té is Airde,
agus thug seisean neart dá dheasláimh,
chun laoch láidir cogaidh a threascairt,
agus chun cumhacht a mhuintire a mhéadú.
6Thug siadsan an chraobh dó
as ucht an deich míle fear [a mharú],
agus ag móradh an Tiarna dóibh mhol siad é,
nuair a bhronn siad coróin ghlórmhar air.
7Óir scrios sé na naimhde a bhí thart timpeall air,
agus dhíothaigh sé na Filistínigh a sheas ina choinne;
agus tá a gcumhachtsan briste aige go dtí an lá inniu fein.
8I ngach ní díobhsan dá ndearna sé, ghabh sé buíochas,
leis an Aon Naofa, an Té is Airde, le briathra molta;
chan sé a chuid amhrán óna chroí amach
agus thug sé grá don Té a chruthaigh é.
9Chuir sé [cláirseacha] os comhair na haltóra,
ionas go mba bhinnide an chantaireacht a gceol.
10Chuir sé barr slachta ar na féilte,
agus taibhse shollúnta ar na ceiliúrthaí tráthrialta uile,
sa chaoi go dtugtaí moladh gan stad d'ainm an Tiarna,
agus go mbaintí macalla as an sanctóir ó bhreacadh an lae amach.
11Mhaith an Tiarna a pheacaí dó,
agus mhéadaigh sé a chumhacht go deo;
rinne sé conradh ríoga leis
agus bhronn air ríchathaoir ghlórmhar in Iosrael.
Solamh agus a Chomharbaí
12Tháinig mac eagnaí i gcomharbacht air,
agus mhair sé go flaithiúil dá bharr.
13Bhí Solamh i réim le linn síochána,
agus thug Dia suaimhneas dó ar gach taobh,
le go dtógfadh sé teach dá ainm,
agus go n‑ullmhódh sé sanctóir le seasamh go deo.
14Nach críonna a bhí tú i d'óige!
ag cur thar maoil le tuiscint dála na habhann.
15Ghabh d'aigne ó cheann ceann an domhain,
agus líon tú é de sholaoidí agus de thomhaiseanna.
16Shroich d'ainm oileáin san imigéin
agus bhí grá duit ar son do shíochána.
17Rinne na críocha iontas díot de bharr do laoithe,
do sheanfhocal agus do sholaoidí.
18In ainm an Tiarna Dia,
ar a dtugtar Dia Iosrael,
bhailigh tú ór mar a dhéanfaí stán,
agus cheannaigh tú airgead mar a dhéanfaí luaidhe.
19Ach shín tú do leasracha taobh le mná,
agus cloíodh thú trí do cholainn.
20Thug tú aithis ar do ghlóir,
agus truailliú ar do shliocht,
i dtreo gur thug tú cuthach ar do chlann,
agus gur cúis bhróin leo do dhíth céille;
21Scoilteadh an flaitheas ina dhá chuid,
agus d'eascair ríocht easumhal as Eafráim.
22Ach ní thréigfidh an Tiarna a thrócaire go deo,
ná ní scriosfaidh aon chuid dá bhriathra go deo;
ní dhíothóidh sé sliocht a thofaigh go brách,
ná ní mhillfidh sé síol an té a thug grá dó;
thug sé iarmhar do Iacób dá bhrí sin,
agus do Dháiví fréamh dá cheap.
23Chuaigh Solamh chun suain lena shinsir
agus d'fhág duine dá chlann mar oidhre,
fear ag a raibh flúirse baoise, ach é ar bheagán céille,
Rachabám, ar chuir a pholasaí an pobal chun ceannairce.
24Ansin Iarobám, mac Nabát, a thiomáin Iosrael chun an pheaca,
agus a chuir Eafráim ar bhealach peacúil;
mhéadaigh go héachtach ar líon a bpeacaí,
rud a dhíbir iad as a seilbh.
25Óir chuaigh siad sa tóir ar gach sórt coirpeachta,
nó go dtáinig an díoltas sa mhullach orthu.

Currently Selected:

Síorach 47: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in