YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 42

42
1Ná bíodh naire ort faoi na nithe seo leanas,
agus ná déan peaca de bharr aird ar bhreith dhaoine eile:
2Faoi dhlí an té is Airde agus faoin gconradh;
faoi shaorbhreith a thabhairt ar an éagráifeach,
3Faoi chuntas a choimeád le [comrádaí slí];
faoi oidhreacht mhaoine a fhágáil ag cairde;
4Faoi chruinneas ag meá agus ag tomhas;
faoi bheagán nó mórán a ghnóthú;
5Faoi bhrabús a dhéanamh i gcúrsaí gnó;
faoi smacht dian a bheith ar leanaí;
faoi dhaor urchóideach a léasadh go doirteadh fola.
6Is maith é an séala ag plé le drochbhean chéile;
agus cuir glas ar do chuid san áit ina mbíonn a lán lámh.
7Cibé rud a bhíonn á riar agat, déan é de réir uimhreacha agus tomhais;
i gcás dáileadh agus cnuasach, coimeád cuntas i scríbhinn.
8Ná bíodh náire ort faoi cheartú a chur ar dhaoi nó ar amaid,
nó ar sheanóir aosta a bhíonn dian ar an aos óg;
ansin beidh tú oilte dáiríre,
agus beidh meas ort os comhair an tsaoil.
Iníonacha agus Mná
9Coimeádann an iníon a hathair ina dhúiseacht gan fhios,
agus fágann an imní a bhíonn air ina taobh gan codladh é:
nuair a bhíonn sí óg, le heagla nach bpósfadh sí,
nuair a phósann sí, le heagla go mbeadh fuath di;
10Fad a bhíonn sí ina maighdean le heagla go dtruailleofaí í,
nó go mbeadh sí trom i dteach a hathar;
nó nuair a bheadh fear aici nach mbeadh sí dílis,
nó nuair a bhíonn sí posta go mbeadh sí seasc.
11Bíodh faire ghéar agat ar iníon cheanndána,
le heagla go ndéanfadh sí ceap magaidh díot ag do naimhde,
lán béil an bhaile agus ábhar suainseáin an phobail,
agus náire a thabhairt duit os comhair an tsaoil.
12Ná stán ar aon duine de bharr a scéimhe,
agus ná suigh i measc na mban.
13Má thagann an leamhan as an éadach,
tagann urchóid mná ó bhean.
14Is fearr drochbheart fir ná dea-bheart mná;
ó bhean a thagann náire agus aithis.
Glóir Dé
Sa Nádúr
15Tabharfaidh mé chun cuimhne anois oibreacha an Tiarna,
agus déanfaidh mé cur síos ar a bhfuil feicthe agam.
Lena bhriathra a rinne an Tiarna a chuid oibreacha,
[agus géilleann gach ní cruthaithe dá thoil].
16Nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh féachann sí anuas ar gach rud;
agus tá obair an Tiarna lán dá ghlóir mar an gcéanna.
17Níor thug an Tiarna cumhacht dá naoimh
tuairisc a thabhairt ar na hiontais uile
a bhunaigh an Tiarna uilechumhachtach go daingean
chun go seasfadh an chruinne go buan ina ghlóir.
18Tá doimhneacht an duibheagáin agus croí an duine iniúchta aige,
agus tuigeann sé a shlite cama;
óir tá gach eolas dá bhfuil ann ag an té is Airde,
agus bhreathnaigh sé comharthaí na n‑aoiseanna.
19Déanann sé na nithe atá thart agus na nithe le teacht a fhoilsiú
agus nochtann sé gach ní dá bhfuil faoi cheilt.
20Níl aon smaoineamh ann a éalaíonn uaidh;
agus níl aon fhocal folaithe uaidh.
21Chuir sé eagar ar éachtaí a chuid eagnaíochta,
óir tá sé ann ón tsíoraíocht agus beidh sé ann go brách;
ní féidir cur leis ná baint uaidh,
ná níl comhairle aon duine de dhíth air.
22Nach breá iad a chuid oibreacha go léir,
agus nach taibhseach iad le feiceáil!
23Maireann siad uile agus beidh siad ann go brách;
is cuma cad a thiteann amach, géilleann siad go léir dó.
24Tá gach ní ina bpéirí, ceann amháin in aghaidh an chinn eile;
ní dhearna sé aon rud lochtach riamh.
25Cuireann rud le maise ruda eile,
agus cé a d'fhéadfadh deireadh dúile a bhaint dá ghlóir go deo.

Currently Selected:

Síorach 42: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in