Síorach 41
41
An Bás agus an Breithiúnas
1A bhás, nach searbh é cuimhneamh ort,
don té atá faoi shíocháin i measc a mhaoine,
don té atá gan bhuairt agus ag éirí leis i ngach gnó
agus a bhfuil sé ar a chumas a bhia a chaitheamh le flosc.
2A bhás, bíonn fáilte roimh do bhreith
ag an té atá ar an ngannchúis agus an neart ag teip air,
é anonn go mór sna blianta agus é ciaptha clipthe ag an saol,
cnuig air agus deireadh na foighne caite aige.
3Ná bíodh eagla ort roimh bhreith an bháis;
cuimhnigh ar na laethanta a bhí agus ar chríoch do shaoil.
4Sé seo breith an Tiarna ar gach dúil bheo,
agus conas is féidir duit diúltú do chinneadh an Té is Airde?
Bíodh deich nó céad nó míle bliain d'fhad saoil agat,
ní chuirfear aon cheist faoi i Seól.
5Is gránna an pór iad clann na bpeacach
agus taithíonn siad pluaiseanna na n‑éagráifeach;
6Rachaidh meath ar oidhreacht chlann na bpeacach,
agus beidh náire bhuan ar a síol.
7Cuirfidh a chlann milleán ar athair éagráifeach
mar go mbíonn siad faoi aithis dá bharr.
8Is mairg daoibhse, a éagráifeacha,
a thréig dlí Dé is airde.
9Nuair a rugadh sibh, rugadh le haghaidh mallacht sibh,
agus nuair a fhaigheann sibh bás, tá mallacht i ndán daoibh.
10Gach a dtagann as an gcré, filleann sé ar an gcré;
teann na héagráifigh ón mallacht chun na díthe.
11Caoineann daoine a mairbh,
ach scriosfar drochainm na bpeacach.
12Bí aireach i dtaobh d'ainm, mar fanfaidh sé agat
níos buaine ná míle mórchiste óir.
13Líon cinnte laethanta a mhaireann saol maith,
ach maireann dea-cháil go brách.
Náire
14Coinnígí mo theagasc, a chlann ó, agus bíodh síocháin in bhur measc;
an eagna fholaigh agus an ciste i bhfolach -
cén tairbhe ceachtar díobh?
15Is fearr an duine a cheileann a bhaois
ná an duine a cheileann a eagna.
16Uime sin bíodh urraim agat do m'fhocail,
mar ní maith é gach sort náire a chothú,
ná ní dhéanann gach aon duine gach cúinse a mheas ina cheart.
17Bíodh náire ort faoi dhrúisiúlacht os comhair d'athar agus do mhathar;
agus náire faoi éitheach os comhair taoisigh agus flatha;
18Agus faoi choir i láthair breithimh agus rialtóra:
agus faoi chionta i láthair chomhthionól an phobail;
19 Agus faoi éagóir i láthair chomrádaí nó carad;
agus faoi ghoid i láthair do chomharsana i do thimpeall;
20 Bíodh náire ort i láthair fírinne Dé agus a chonartha;
[bíodh náire ort] faoi uillinn a leagan ar an mbord;
21 Faoi a bheith ciotrúnta ag glacadh nó ag riar;
faoi bheith i do thost leis an muintir a bheannaíonn duit;
22 Faoi stánadh ar mheirdreach;
faoi chúl a thabhairt le duine gaoil;
23 Faoi chuid nó bronntanas duine eile a bhreith leat:
faoi bheith ag suirí le bean duine eile;
24 Faoi bheith ag cur isteach ar a dhaoirseach,
- fan amach óna leaba;
25 Faoi achasáin i láthair do chaired
- ná bíodh tarcaisne mar eireaball le do thabhartas;
26 Faoi bheith ag cardáil agus ag suainsean
agus ag sceitheadh rún.
27 Ansin tuigfidh tú cad is náire ann dáiríre,
agus beidh fabhar ó chách agat.
Currently Selected:
Síorach 41: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.