Síorach 40
40
Ainnise an Duine
1Ceapadh mórchuid anró do gach duine,
agus tá cuing throm ar chlann Ádhaimh,
ón lá a thagann siad as broinn a máthar
go dtí an lá a fhilleann siad ar mháthair na n‑uile.
2Sé a líonann a gcroí le buairt agus le heagla,
sé is crá agus imní dóibh ná lá an bháis;
3Ón bhfear a shuíonn i ríchathaoir thaibhseach
go dtí an t‑ainniseoir ina luí i ndeannach agus luaithreach,
4Ón té ar a bhfuil éide chorcra agus coróin
go dtí an té atá gleasta in éadach róin,
níl ach fearg agus éad, suaitheadh agus cíor thuathail,
eagla báis agus cuthach agus achrann.
5Nuair a luíonn duine ar a leaba
ní dhéanann codladh ach a aigne a bhuaireamh.
6Is ar éigean a bhíonn sé imithe chun suain,
nuair a shuaitear é trína chodladh ag taibhsí ina aigne,
amhail is dá mba [é lár an lae é];
is cuma é nó fear ag teitheadh ó chath;
7Dúisíonn sé ar noiméad a fhuascailte
agus ionadh air nach raibh bonn lena scéin.
8An uile dhúil, idir dhuine agus ainmhí,
- agus seacht n‑uaire níos measa ná sin na peacaigh,
9Sé tá i ndán dóibh: bás, doirteadh fola, achrann, claíomh,
tubaistí, gorta, trioblóid agus plá.
10Do na coirpigh a cruthaíodh na nithe sin go léir,
agus tháinig an díle dá mbarr.
11Gach a dtagann ón gcré, filleann siad ar an gcré;
gach a dtagann ón uisce, filleann siad ar an bhfarraige.
Seanfhocail agus Solaoidí
12Scriosfar gach breabaireacht agus éagóir,
ach mairfidh an iontaoibh go brách.
13Rachaidh saibhreas na n‑éagórach i ndísc mar an tulca,
agus pléascfaidh sé mar thoirneach mhór bháistí.
14Cuirfear áthas ar an [bhfear croí mhóir],
ach teipfidh glan ar lucht an iomarbhais.
15Beidh ceapa na n‑éagráifeach ar bheagán géag;
fréamhacha míghlana iad ar charraig mhaol.
16Déanfar an ghiolcach le hais gach locha agus abhann
a staitheadh roimh aon fhéar.
17Is cuma an chneastacht nó gairdín beannachtaí
agus mairfidh an déirc go brách.
18Tá saol taitneamhach ag fear an tsaibhris agus ag fear na hoibre;
ach is fearr fós ná iad araon mar atá ag an té a fhaigheann fáltas maoine.
19Tuilleann clann agus bunú cathrach cáil do dhuine,
ach áirítear bean gan cháim thar aon cheann díobh.
20Cuireann fíon agus ceol áthas ar an gcroí,
ach is fearr grá don eagna ná ceachtar acu.
21Cuireann an phíb agus an chruit le binneas amhráin,
ach is fearr guth binn ná ceachtar acu.
22Is maith leis an tsúil scéimh agus maise,
ach is fearr léi an geamhar ná ceachtar acu.
23Is tráthúil i gcónaí é bualadh le cara nó le comrádaí,
ach is fearr ná ceachtar acu dála an fhir agus a chéile.
24D'uain an anró deartháireacha nó lámh chúnta,
ach is fearr an déirc chun tarrthála ná ceachtar acu.
25Teannta daingean don chois ór agus airgead,
ach is fearr dea-chomhairle ná ceachtar acu.
26Tugann maoin agus neart ardú croí,
ach is fearr eagla an Tiarna ná ceachtar acu;
ní ghabhann cailliúint le heagla an Tiarna,
agus ní gá cabhair a lorg ina teannta.
27Is cuma nó parthas beannaithe eagla an Tiarna,
agus is fearr a chludaíonn sí duine ná aon ghlóir.
An Déirc
28Ná tuill do bheatha mar fhear déirce, a mhic ó;
is fearr an bás ná bheith beo ar dhéirc.
29Ní féidir saol an té a mbíonn a shúil ar bhord duine eile
a mheas ina shaol ar aon chor;
truaillíonn sé é féin le bia duine eile;
sheachnódh fear eolgaiseach dea-thógtha a leithéid.
30Tagann achainí go bog ar bhéal an duine gan náire,
ach lasfaidh tine ina bholg.
Currently Selected:
Síorach 40: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.