YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 39

39
An Scoláire
1Ní amhlaidh don té a chaitheann díograis a anma
ag machnamh ar dhlí an Té is Airde;
rachaidh sé ar thóir eagna na seanóirí go léir,
agus déanfaidh scrúdú ar na fáithe.
2Caomhnóidh sé ráitis na bhfear ainmniúil
agus déanfaidh sé taighde i ndoimhne na bparabal.
3Lorgóidh sé ciall dhiamhair seanfhocal,
agus beidh sé eolgaiseach ar rúin pharabal.
4Déanfaidh sé fónamh i measc flatha
agus feicfear os comhair lucht ceannais é;
déanfaidh sé taisteal sa choigríoch,
óir tá promhadh déanta aige ar mhaith agus olc i measc daoine.
5Cuirfidh sé roimhe mochóirí a dhéanamh leis an Tiarna a rinne é a lorg
agus déanfaidh sé achainí i láthair an té is Airde;
osclóidh sé a bhéal in urnaí,
agus déanfaidh sé guí faoina pheacaí.
6Más toil leis an Tiarna mór é,
líonfar é de spiorad na tuisceana;
titfidh briathra na heagnaíochta ina bhfrasa óna bhéal,
agus gabhfaidh sé buíochas le Dia san urnaí.
7Cuirfidh sé dea-threoir ar a intinn agus ar a eolas,
agus déanfaidh sé machnamh ar a rúndiamhra folaithe.
8Léireoidh sé an teagasc a tugadh dó,
agus beidh sé mórtasach as dlí chonradh an Tiarna.
9Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,
agus ní ligfear i ndearmad é go deo;
ní rachaidh a chuimhne ar ceal,
agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
10Fogróidh ciníocha a eagna,
agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí.
11Má mhaireann sé i bhfad, sáróidh a cháil míle;
má fhaigheann sé bás, ní beag sin dó.
Moladh Dé
12Tá a thuilleadh le rá agam, toradh mo mhachnaimh,
agus táim lán suas de, dála na lánré.
13Éistigí liom a chlann bhúidh, agus tagadh bláth oraibh,
mar a thiocfadh ar rós ag fás ar bhruach sileáin.
14Tugaigí cumhracht uaibh ar nós na túise;
bláthaigí ar nós na lile;
scaipigí an mus agus canaigí laoi mholta;
molaigí an Tiarna ar son a oibreacha go léir.
15Móraigí a ainm,
tugaigí moladh agus buíochas dó
le laoithe in bhur mbéal agus ceol ó bhur lireanna;
ní mór daoibh é mholadh mar leanas:
16“Nach álainn iad oibreacha uile an Tiarna!
cuirfear gach ní a ordaíonn sé i gcrích gan mhoill!”
ná deirtear: “Céard é seo? Cad chuige é siúd?”
mar déanfar gach ní a iniúchadh ina uain.
17Le focal uaidh, stadann an t‑uisce ina charn,
agus le briathar a bhéil líontar na taiscumair uisce.
18Le hordú uaidh déantar mar is áil leis,
agus ní féidir d'aon duine a chumas slánaithe a laghdú.
19Tá oibreacha gach dúile os a chomhair,
agus ní féidir aon ní a cheilt ar a shúile;
20Síneann réim a radhairc ó cheann ceann na síoraíochta
agus níl aon ní iontach ina shúile.
21Ná deirtear: “Ceard é seo? Cad chuige é siúd?”
óir cruthaíodh gach ní le feidhm ar leith.
22Clúdaíonn a bheannacht an talamh tirim mar a dhéanfadh abhainn,
agus bánn é mar a dhéanfadh tuile.
23Ar an tslí sin a bheidh fraoch a fheirge mar oidhreacht ag na náisiúin,
faoi mar a rinne sé sáile den fhíoruisce.
24Is réidh iad a bhealaí do na cráifigh,
ach is lán de chonstaicí iad do na hurchóidigh.
25Cruthaíodh nithe fónta ó thus do na dea-dhaoine,
agus mar an gcéanna urchóidí do na peacaigh.
26Is iad na bunriachtanais do bheatha an duine,
ná uisce, tine, iarann, salann,
plúr cruithneachta, bainne, mil,
sú na fíniúna, ola, agus éadach.
27Is maith iad sin go léir do na fíréin
ach déantar olc díobh do na peacaigh.
28Tá gaotha ann a cruthaíodh le díoltas a imirt,
agus le linn a fheirge sciúrsálann siad go géar.
29Tine agus cloch shneachta, gorta agus plá,
- cruthaíodh iadsan go léir le fonn díoltais.
30Fiacla na n‑ainmhithe allta, scairpeanna, nathracha,
agus claíomh an díoltais le héagráifigh a scrios,
31Comhlíonann siadsan go léir a ordú le lúcháir,
agus ullmhaíodh ar talamh iad d'aon ghnó a bheadh díobh;
nuair a thiocfaidh an t‑am ní dhiúltóidh siad dá bhriathar.
32Uime sin bhíos cinnte de ó thús,
rinne mé mo mhachnamh air agus scríobh mé síos é:
33Is maith iad oibreacha uile an Tiarna
agus déanfaidh sé gach gá a shásamh i dtráth.
34Agus níl sé le rá: “Is measa é seo ná é siúd,”
mar cruthóidh gach ní go maith ar a uain.
35Anois dá bhrí sin canaigí le lán croí agus béil,
agus beannaígí ainm an Tiarna.

Currently Selected:

Síorach 39: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in