Síorach 38
38
Leigheas agus Tinneas
1Tabhair onóir don lia leis an onóir is dual dó de réir do ghá leis,
mar is é an Tiarna a chruthaigh é.
2Ón Té is Airde a thagann an leigheas,
agus [is ionann é agus] tabhartas ón rí.
3Tugann a ealaín ardú cinn don lia
agus déantar iontas de i láthair na bhflatha.
4Chum an Tiarna cógais as an gcré,
agus ní bheidh drochmheas ag an eagnaí orthu.
5Nach ndearna craobh de chrann uisce milis tráth,
rud a chruthaigh a neart.
6Thug sé ealaín do dhaoine,
le go ndéanfaidís é a mhóradh ina éachtaí.
7Leigheasann sé agus tógann an phian chun siúil le cabhair na gcógas;
déanann an poitigéir oideas astu.
8Ní bheidh clabhsúr go deo lena bhearta,
agus leathann an tsláinte uaidh amach ar aghaidh na talún.
9Nuair a bhíonn tú tinn, a mhic ó, na tagadh drochmhisneach ort;
ach guigh chun an Tiarna agus leigheasfaidh sé thú.
10Scoir de do lochtaí agus ná claon do ghéaga;
glan do chroí ó gach peaca.
11Ofráil túis agus cuimhneachán de mhin mhín,
agus doirt ola ar d'íobairt de réir d'acmhainne.
12Ansin fág faoin lia é, mar sé an Tiarna a chruthaigh é,
agus ná himíodh sé uait óir tá gá agat leis.
13Uaireanta is leo a bhíonn an séan,
14Mar guífidh siadsan freisin chun an Tiarna,
le go gcuirfeadh sé faoiseamh ar a gcumas,
agus leigheas leis an mbeatha a chaomhnú.
15An té a pheacaíonn i láthair a chruthaitheora,
go dtite sé faoi chúram lia.
Caoineadh
16Titeadh de dheora, a mhic ó, ar son an mhairbh,
agus cuir ceann ar an gcaoineadh lena thaispeáint gur goirt é do chumha;
cuir a chorp faoi chlár leis an ómós is dual dó,
agus ná déan faillí ina uaigh.
17Bíodh do ghol go goirt agus d'olagón géar;
comhlíon an caoineadh mar is dual don mharbh,
ar feadh lae nó dhó le heagla casaoide,
agus ansin glac le sólás de bharr do bhróin;
18Óir d'fhéadfadh bás a theacht ón mbrón,
agus cuireann brón an chroí as don neart.
19Maireann brón leis an donas
agus goilleann saol ainnis ar an gcroí.
20Ná scaoil an dólás isteach i do chroi,
ach tiomáin chun siúil é, ag cuimhneamh duit ar do chríocha déanacha.
21Ná déan dearmad de nach bhfuil filleadh i ndán;
ní fhóireann tú ar an marbh, agus déanann tú díobháil duit féin.
22“Cuimhnigh ar mo chinniúint; is mar sin a bheidh i do chás féin;
inné mise, inniu tusa.”
23Nuair a théann an marbh chun suain téadh a chuimhneachán chun suain chomh maith;
glac le sólás ina thaobh nuair a imíonn an dé as.
Slite Beatha
24Tá eagna an scríobhaí ag brath ar shaoire ó obair;
an té atá ar bheagán cúraim, éireoidh sé eagnaí.
25Conas a d'éireodh fear an chéachta eagnaí,
agus gurb é sá an bhroid a ábhar maite,
go seolann sé ba agus go mbíonn sé gafa ina mbun,
agus gur eallach amháin a ábhar cainte?
26Bíonn a chroí dírithe ar scríoba a threabhadh,
agus é gafa le beathú a chuid beithíoch.
27Mar an gcéanna le gach ceardaí agus máistir ceirde;
bíonn sé ag obair leis de lá agus d'oíche;
lucht greanta séalaí, bíonn gach duine díobh cíocrach
chun gréasáin nua a cheapadh;
caitheann sé a dhúthracht ag tarraingt íomhá beoga,
agus sé a chúram an clabhsúr a chur ar a shaothar.
28Sé an dála céanna é ag an ngabha ina shuí le hais a inneona,
agus é díograiseach i mbun saothar iarainn;
déanann an gal ón tine a chneas a ghríosadh,
agus bíonn sé ag broic le teas ón sorn;
tugann sé cluas do cheol an chasúir,
agus a shúile ar ghréasán a shaothair;
bíonn a chroí socair ar chlabhsúr a chur ar a chuid oibre,
agus é cáiréiseach á maisiú go beacht.
29Sé an dála céanna é ag an gcriadóir ina shuí le hais a shaothair,
é ag casadh an rotha lena chosa,
agus é gafa ar fad lena chuid oibre,
agus gach rud a dhéanann sé tomhaiste go cruinn.
30Brúnn sé an chré lena láimh,
agus pasálann sé í faoina chosa;
caitheann sé a dhúthracht le líomhadh agus snas,
agus bíonn sé cáiréiseach ag glanadh an tsoirn.
31Chuir siad seo go léir a muinín ina lámha,
agus tá gach duine díobh oilte ina ghnó féin.
32Gan iad, ní thógfaí cathair,
ní bheadh áitreabh ná cónaí.
33Ní bhítear á lorg ámh do chomhairle an phobail,
ná ní bhíonn gradam acu sa chomhthionól;
ní shuíonn siad i suí an bhreithiúnais,
ná ní thuigeann siad breith na cúirte.
34Ní bhíonn bua léinn ná breithiúnais acu,
ná ní bhfaightear iad ag nathaireacht;
ach is iad a dhaingníonn an chruinne ché,
agus bíonn a nguí ag plé le cleachtadh a gceirde.
Currently Selected:
Síorach 38: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.