Síorach 37
37
Cairde agus Comhairleoirí
1Déarfaidh gach cara: “Is cara mise chomh maith,”
ach is cairde béil amháin cairde áirithe.
2Nach dólás maraitheach é
nuair a dhéanann namhaid de chompánach agus de chara?
3A mheanma urchóideach cén fáth ar ceapadh thú
leis an tír a chlúdach le brat calaoise?
4Baineann comrádaí áirithe suáilceas as sonas a charad,
ach in am a thrioblóide, iompóidh sé ina aghaidh.
5Cabhraíonn comrádaí áirithe le cara ar son a ghoile,
agus nuair a bhagraíonn an cath, tógann sé chuige a sciath.
6Ná déan dearmad ar chara i do chroí istigh
agus ná caith as do cheann é nuair a éiríonn tú saibhir.
7Beidh comhairle le tabhairt ag gach comhairleoir,
ach ar mhaithe leo féin a thugann cuid acu é.
8Bí ar d'fhaire leis an gcomhairleoir,
agus faigh amach ar dtús cad tá ar na bioráin aige
le heagla go bhfaigheadh sé an buntáiste ort
- mar beidh sé ag tochras ar a cheirtlín féin.
9Agus go ndéarfadh sé: “Tá tú ar an mbóthar ceart,”
agus go seasfadh sé i leataobh ansin féachaint cad a éireoidh duit.
10Ná glac comhairle ón té a thugann súil mhuice ort,
agus ceil do ghnó ar lucht d'éada.
11Ná glac comhairle mná faoina comhshuiríoch,
ná comhairle meatacháin faoi chogadh,
ná ceannaí faoi mhargadh,
ná ceannaitheora faoi dhíol,
ná fir dhoichill faoi bhuíochas,
ná fir gan trócaire faoi chneastacht,
ná fir dhíomhaoin faoi aon obair
ná fir thuarastail bhliana faoi chlabhsúr,
ná daoráin leisciúil faoi bheartas mór,
- ná bí ag brath orthusan faoi aon chomhairle.
12Téigh i gcónaí i muinín fhir fhíréanta,
is eol duit a chomhlíonann na haitheanta,
a bhfuil a mheon de réir do mheoin féin,
agus a dhéanfaidh comhbhrón leat má theipeann ort.
13Seas le comhairle do chroí féin,
óir níl sárú air le dílse duit.
14Mar is minic gur fearr anam duine a theagasc
ná seachtar fear faire suite go hard ar thúr faire.
15Agus seachas é sin go léir, iarr ar an té is Airde
do chéimeanna a threorú i mbealach na fírinne.
An Eagna agus an Mheasarthacht
16Tús gach saothair an réasún,
agus téann comhairle roimh gach beart.
17[Tá fréamhacha] na smaointe go doimhin sa chroí
agus sceitheann siad ceithre géaga -
18An mhaith agus an t‑olc, an bheatha agus an bás,
agus is í an teanga is máistreás orthu i gcónaí.
19D'fhéadfadh fear a bheith ildánach agus mórán a oiliúint
ach a bheith neamhthairbheach dó féin.
20D'fhéadfadh fuath a bheith d'fhear na bhfocal cliste;
fágfar ar an ngannchúis bia é.
21Óir níor ghnóthaigh sé gnaoi an Tiarna,
mar tá an eagna in easnamh go hiomlán air.
22D'fhéadfadh duine a bheith eagnaí de réir a thuairime féin,
agus fómhar a chríonnachta a bheith iontaofa ar bhreith a bhéil féin.
23Déanfaidh an fear eagnaí a phobal féin a theagasc,
agus beidh fomhar a chríonnachta iontaofa.
24Líonfar an t‑eagnaí le beannachtaí,
agus déarfaidh an mhuintir a fheicfidh é gur méanar dó.
25Déantar saol an duine a ríomh ina laethanta,
ach níl áireamh ar laethanta Iarúsailéim.
26Tuillfidh an t‑eagnaí iontaoibh i measc a phobail,
agus mairfidh a ainm go brách.
27A mhic, déan promhadh ar do ghoile i gcaitheamh do shaoil,
agus féach cad a ghoilleann air, agus ná tabhair dó é;
28Mar ní hé gach aon ní a oireann do gach duine,
agus ní thaitníonn gach ní le gach aon duine.
29Ná bíodh dúil mhallaithe agat in aon sólas,
agus ná bí miangasach.
30Leanann póit breis bia,
agus tagann masmas de bharr craois.
31Is iomaí duine a fuair bás den chraos,
agus cuirfidh an té a sheachnaíonn é fad lena shaol.
Currently Selected:
Síorach 37: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.