Síorach 43
43
Sa Spéir
1Maise na firmiminte stua lonrach neimhe,
dealramh na spéire ag taitneamh go glórmhar.
2Ag éirí di fógraíonn an ghrian ag cur chun bealaigh:
“Is iontach an t‑éacht é saothar an té is Airde!”
3Um mheán lae loisceann sí an talamh,
agus cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh a bladhma.
4Ní mór don té atá ag freastal ar shorn oibriú i dteas loiscneach,
ach dónn an ghrian na sléibhte a thrí oiread sin;
séideann sí soinneáin tine,
agus dallann sí na súile le gathanna geala.
5Is mór é an Tiarna a rinne í,
agus siúd ar a cúrsa í le hordú uaidh.
6Rinne sé an ghealach freisin, nach ndéanann faillí ar a trátha,
leis na míonna a mharcáil agus le bheith ina comhartha síoraí.
7An ghealach, an lóchrann a théann ar gcúl tar éis a láin,
is í is comhartha do na féilte.
8Is uaithi a fhaigheann an mhí a hainm [san Eabhrais],
agus is éachtach mar a thagann inti ina réim;
brat sluaite na spéire í,
agus í ag taitneamh i stua na spéire.
9Glóir na réaltaí maise neimhe,
cóiriú glioscarnach in arda an Tiarna.
10Trí bhriathra an Neach Naofa, seasann siad mar a ordaíodh;
ní dhéanann siad choíche faillí ina bhfaire.
11Féach an bogha sine, agus mol an té a rinne é;
is ró-alainn é le barr gile.
12Gabhann a stua glórmhar trasna na spéire;
lámha an té is Airde is iad a tharraing é.
Ar Talamh
13Seolann sé an sneachta le hordú a bhéil
agus brostaíonn sé tintreacha a bhreithiúnais.
14Bíonn a stórais ar leathadh ar an gcuma chéanna
agus eitlíonn na scamaill leo ar nós na n‑éan.
15Déanann sé na scamaill a chruachadh le teann nirt,
agus bristear na clocha sneachta ina smidiríní.
16Critheann na sléibhte arna fheiceáil,
agus séideann an ghaoth aneas le hordú uaidh.
17Cuireann búirtheach a thoirní scáth ar an talamh,
agus is é an scéal céanna é ag an stoirm aduaidh agus ag an gcamfheothan;
18Scaipeann sé an sneachta ar nós na n‑éan ag tuirlingt,
agus anuas leis ar nós na lócaistí ag titim;
déanann an tsúil ionadh de mhaise a ghile,
agus cuireann sé alltacht ar an gcroí ag titim.
19Caitheann sé an sioc liath ar an talamh dála an ghainimh,
agus nuair a reonn sé bíonn bior air mar dhealg.
20Séideann an ghaoth fhuar aduaidh,
agus leathann an sioc ar an uisce;
luíonn sé ar gach linn uisce,
agus cuireann an t‑uisce uime é mar lúireach.
21Slugann sé na sléibhte agus loisceann an díthreabh;
agus feonn sé na fáis mar a dhéanfadh tine.
22Is gearr an mhoill ar an gceo gach ní a leigheas,
agus nuair a thagann an drúcht cneasaíonn sé deasca an bhrothaill.
23Le barr gliocais cheansaigh sé an duibheagán,
agus phlandaigh oileáin air.
24Déanann lucht seolta ar muir cur síos ar a gábha,
agus líonann a dtuairiscí ár gcluasa le hiontas.
25Mar tá iontais agus éachtaí inti,
gach sórt ainmhí agus míola móra mara.
26Is dá bharr a bhíonn [gach ní ina cheart],
agus trína bhriathar a chothaítear gach ní.
27Fág go ndéarfaimis a lán, ní bheadh deireadh fós ráite;
lena chur i mbeagán focal: “Eisean an t‑iomlán.”
28Cá bhfaighimid neart lena mholadh?
Mar is mó é ná a oibreacha go léir.
29Is scanrúil é an Tiarna agus is ábhalmhór;
agus is éachtach í a chumhacht.
30Molaigí an Tiarna, agus móraigí é,
go barr bhur gcumais, ach sáróidh sé fiú an méid sin;
déanaigí bhur ndícheall á mhóradh;
ná tagadh tuirse oraibh, mar ní bheidh deireadh agaibh choíche.
31Cé chonaic é le tuairisc a thabhairt air?
Cé ar féidir dó é a ghlóiriú mar is dual?
32Is iomaí rúndiamhar is mó fós atá i bhfolach,
mar ní fhacamar ach beagán dá oibreacha.
33Mar rinne an Tiarna féin an uile ní
agus thug sé eagna do na fíréin.
Currently Selected:
Síorach 43: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.