Síorach 36
36
Guí ar son Iosrael
1Dean trocaire orainn, a Thiarna, a Dhia na n‑uile, agus féach anuas orainn; 2 tabhair ar gach náisiún eagla a ghlacadh romhat.
2 Ardaigh do lámh in aghaidh na gciníocha eachtrannacha,
agus lig dóibh do chumas a fheiceáil.
3 Faoi mar a naomhaíodh thú ionainne os a gcomhairsean,
go móraítear thú iontusan os ar gcomhairne.
4 Tugaidís aitheantas duitse faoi mar a aithnímidne
nach bhfuil aon Dia ann ach thú, a Thiarna.
5 Tabhair comharthaí nua uait agus déan nithe iontacha eile;
déan glóir a ghnóthú do do láimh agus do do ghéag dheas.
6 Adhain d'fhearg agus doirt amach do chuthach;
scrios an t‑eascara agus díothaigh an namhaid.
7 Brostaigh an uain agus cuimhnigh ar an spriocam;
agus bíodh d'éachtaí i mbéal na ndaoine.
8 Go loisctear an té a thagann slán i bhfraoch na feirge,
agus go raibh an díothú i ndán do lucht urchóide a dhéanamh ar do phobal.
9 Basc cinn lucht ceannais an namhad,
iad siúd a deir: “Níl ann ach sinn féin amháin.”
10 Cruinnigh le chéile treibheanna uile Iacóib;
tabhair dóibh an oidhreacht mar a bhí acu ar dtús.
11 Déan trócaire, a Thiarna, ar an bpobal ar tugadh d'ainm féin orthu;
ar Iosrael a bhí amhail céadghin agat.
12 v Bíodh trua agat do do chathair naofa,
do Iarúsailéim, d'áit chónaithe féin.
13 Líon Síón le hamhráin do mholta,
agus do [theampall] le do ghlóir.
14 Tabhair fianaise orthu siúd a chruthaigh tú ar dtús,
agus comhlíon na tairngreachtaí a rinneadh i d'ainm.
15 Tabhair luach a saothair do na daoine atá ag tnuthán leat,
agus cruthaigh go bhfuil do chuid fáithe iontaofa.
16 Éist a Thiarna, le guí do sheirbhíseach,
de réir bheannacht Árón ar do phobal,
17 Agus beidh a fhios ag an uile dhuine ar an saol seo
gur tú an Tiarna, Dia síoraí.
Roghnú
18Caitheann an goile gach sórt bia,
ach is fearr bia ná a chéile.
19Mar a fhaigheann an carball blas an ghéim,
sin mar a aithníonn croí an eagnaí briathra éithigh.
20Gineann an croí urchóideach dobrón,
ach díolfaidh fear na taithí an comhar leis.
21Tógfaidh bean aon fhear mar chéile
ach is fearr iníon ná iníon eile.
22Cuireann scéimh mná aoibh ar an ngnúis,
agus is í is mó a shantaíonn an fear.
23Má bhíonn blas na cneastachta agus na humhlaíochta ar a teanga,
níl leithéid a fir le fáil i measc daoine.
24An té a fhaigheann bean, faigheann sé togha fáltais,
lámh chúnta a dhiongbhála agus crann [taca].
25An gabháltas gan fál, déanfar slad air;
an fear gan chéile, beidh sé ag osnaíl ar seachrán.
26Cé ag a mbeadh muinín as bithiúnach aclaí,
a bheadh ag imeacht ó chathair go cathair?
27 A dháltasan ag an duine gan bhaile,
agus a bhuaileann faoi cibé áit ina mbeireann an oíche air.
Currently Selected:
Síorach 36: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.