Síorach 35
35
1Is iomaí ofráil a dhéanann duine tríd an dlí a chomhlíonadh;
ofrálann sé íobairtí síochána trí na haitheanta a choimeád.
2Nuair a dhéanann sé comaoin a chúiteamh tugann sé tabhartas uaidh de phlúr mín;
nuair a thugann sé déirc uaidh, ofrálann sé íobairt mholta.
3Tarraing siar ón mallaitheacht agus beidh gnaoi an Tiarna ort;
tréig an t‑éigeart agus déanfaidh tú leorghníomh leis.
4Ná tar folamh i láthair an Tiarna; mar tá na nithe seo uile dlite de bharr na haithne. 5Is maise don altóir é tabhartas an fhíréin;
éiríonn boladh cumhra uaidh i láthair an Té is Airde.
6Is inghlactha ag an Tiarna íobairt an fhíréin;
ní ligfear i ndíchuimhne í go brách.
7Tabhair glóir don Tiarna go fial flaithiúil;
ná bí gann faoi chéadtorthaí do lámh.
8Nuair a thugann tú tabhartas uait, bíodh aoibh an gháire ar d'aghaidh,
agus coisric do dheachú le háthas.
9Tabhair don Té is Airde mar a thugann sé duit -
chomh fial fairsing agus is acmhainn duit.
Is Cóir é Dia
10Óir is é an Tiarna a chúiteoidh an chomaoin sin leat,
agus cúiteoidh sé leat í faoi seacht.
11Ná tairg breab dó; ní ghlacfaidh sé uait í;
ná cuir do mhuinín in íobairt éagórach.
12Óir is breitheamh é an Tiarna,
agus is ionann íseal agus uasal aige.
13Ní dhéanfaidh sé leathchuma ar an duine bocht,
ach éistfidh sé le hachainí an té a ndearnadh éagóir air.
14Ní thabharfaidh sé cluas bhodhar d'achainí an dílleachta,
ná don bhaintreach nuair a inseoidh sí a scéal dó.
15Ná sileann na deora ar ghrua na baintrí,
agus í ag glaoch in aghaidh an té faoi deara iad?
16An té a fhónann le dea-thoil, glacfar leis,
agus bainfidh a achainí na néalta féin amach.
17Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas,
agus ní bhfaighidh sé sólás go mbainfidh sí ceann sprice amach.
18Ní stopfaidh sé choíche go dtabharfaidh an té is Airde aird air,
agus go seasfaidh sé ceart don dream macánta agus go dtabharfaidh sé breithiúnas uaidh.
19 Ní dhéanfaidh an Tiarna aon mhoill,
ná ní dhéanfaidh sé foighne ar a son,
20 Nó go mbascfaidh sé leasracha na mí-thrócaireach,
agus go ndéanfaidh sé díoltas ar na ciníocha,
21 Nó go scriosfaidh sé sluaite na n‑uaibhreach,
agus go mbrisfidh sé ríshlata na n‑éagráifeach,
22 Nó go gcúiteoidh sé cách de réir a ngníomhartha,
agus oibreacha na ndaoine de réir mar is dual do mhian a gcroí,
23 Nó go dtabharfaidh sé breith ar chás a mhuintire,
agus lúcháir a chur orthu de bharr a thrócaire.
24 Bíonn fáilte roimh thrócaire in am an chruatain,
faoi mar a bheadh roimh scamaill fearthainne le linn triomaigh.
Currently Selected:
Síorach 35: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.