Síorach 34
34
Brionglóidí
1Leis an daoi a bhaineann dóchas folamh bréagach;
cuireann brionglóidí sceitimíní ar ghliogairí.
2Is cuma muinín a chur i mbrionglóidí
nó greim a bhreith ar scáileanna nó rith i ndiaidh na gaoithe.
3Is mar a chéile brionglóid [agus scathán],
cosúlacht na gceannaithe os comhair na gceannaithe;
4Cad a ghlanfar trí mhíghlaine?
Cad a fhíorófar trí bhréag?
5Níl in asarlaíocht, i dtuartha, agus i mbrionglóidí, ach baois,
mar speabhraídí mná in íona.
6Mura seoltar iad mar fhiosrú ón Té is Airde,
ná tabhair aird ar bith orthu.
7Is iomaí duine a mheall brionglóidí,
agus theip orthu siúd a chuir a muinín iontu.
8Comhlíonfar an dlí gan bhréagaireacht,
agus is é béal na fírinne a chuireann barr maise ar an eagna.
Taisteal
9Bíonn a lán ar eolas ag fear mórthaistil,
agus labhróidh fear na mórthaithí go ciallmhar.
10Is beag a bhíonn ar eolas ag an duine gan taithí,
ach an té a rinne taisteal bíonn sé ildánach.
11Is iomaí rud a chonaic mé ar mo chamchuarda,
agus fuair mé tuiscint thar mar a fhéadaim a chur i bhfocail.
12Is minic a bhí mé i mbaol mʼanama,
ach tháinig mé slán dá mbarr siúd.
13Mairfidh spiorad lucht eagla an Tiarna,
mar tá a ndóchas sa té a fhuasclóidh iad.
14An té ar a bhfuil eagla an Tiarna, ní bheidh sé cúthail;
ní bheidh drochmhisneach air, mar gurb eisean a dhóchas.
15Is méanar do mheanma an té ar a bhfuil eagla an Tiarna;
cé air a bhfuil sé ag brath? cé is taca dó?
16Tá súile an Tiarna orthu siúd a thugann grá dó;
Is dídean thréan é agus teannta láidir;
is fothain é ón ngaoth the agus scáth ó ghrian an mheanlae,
is cosaint é ar an mbarrthuisle agus lámh chúnta in aghaidh titim.
17Ardaíonn sé an t‑anam agus tugann solas do na súile;
bronnann sé leigheas agus beatha agus beannacht.
Íobairtí agus an Dlí
18Muga maga is ea íobairt dʼofráil a fuarthas go héagórach;
ní dual glacadh le bronntanas na gcoirpeach.
19Ní gean leis an Té is Airde ofrálacha na n‑éagráifeach,
agus ní dhéanann raidhse ofrálacha leorghníomh leis i bpeacaí.
20Is cuma nó mac a bhású os comhair súile a athar,
íobairt a ofráil as cuid na mbocht.
21Beagán bia is beatha don bhocht,
agus an té a thógann chun siúil é, is lámh dhearg é.
22An té a bhaineann a shlí bheatha dá chomharsa, maraíonn sé é;
an té a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann sé fuil.
23Má thógann duine ach go leagann duine eile,
cad a bhíonn dá bharr acu ach a dhua?
24Má ghuíonn duine ach go mallaíonn duine eile,
cén glór lena n‑éistfidh an máistir?
25Má níonn duine é féin tar éis baint le corpán,
ach go mbaineann sé leis arís,
cad a bhíonn aige de bharr a ionlaithe?
26Sé an dála céanna é ag an té a dhéanann troscadh ar son a pheacaí,
má imíonn sé agus na peacaí céanna a dhéanamh arís,
cé thabharfaidh cluas dá ghuí,
agus cad a bheidh aige de bharr a umhlaithe?
Currently Selected:
Síorach 34: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.