YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 26

26
1Is méanar don fhear a bhfuil bean chéile mhaith aige;
méadófar líon a laethanta faoi dhó.
2Cuireann bean chéile dhiongbháilte áthas ar a fear,
agus caitheann sé a shaol faoi shuaimhneas.
3Tabhartas breá is ea bean chéile mhaith;
bronnfar í mar chuid an té a bhfuil eagla an Tiarna air.
4Más bocht saibhir é, bíonn a chroí go sona sasta;
agus bíonn aoibh an gháire ar a bhéal i gcónaí.
5Tá trí nithe ann a chuireann scanradh croí orm,
agus cuireann an ceathrú ceann scéin orm -
cúlghearradh sa chathair, daoscarshlua ag tionól,
agus daoradh san éagóir - is measa iadsan go léir ná an bás:
6Ach nuair a bhíonn bean in éad le bean eile, bíonn briseadh croí agus brón;
agus fógraíonn lasc na teanga don saol é.
7Cuing damh nach luíonn i gceart is ea drochbhean;
is cuma lámh a leagan uirthi nó greim a bhreith air scairp.
8Is mór an t‑ábhar feirge bean ar meisce;
ní cheilfidh sí a náire.
9Léitear ainmhian mná ina súile drúisiúla,
agus aithnítear í ar a fabhraí fiara.
10Bíodh faire dhian ar iníon cheanndána,
nó, nuair a bheidh cead a cinn aici,
bainfidh sí feidhm dhíobhálach as.
11Seachain a súil mhínáireach;
agus ná cuireadh sé ionadh ort má pheacaíonn sí i do choinne.
12Faoi mar a osclaíonn taistealaí a bhéal le barr tarta
agus a ólann sé aon uisce a thagann ina threo,
suífidh sí os comhair gach cuaille,
agus osclóidh sí a bolgán don tsaighead.
13Is geal le fear grástúlacht a mhná,
agus cuireann a cuid eolais saill ar a chnámha.
14Bronntanas ó Dhia bean ar bheagán focal;
ní féidir luach a chur ar mheon dea-mhuinte.
15Tabhartas ar thabhartas bean mhodhúil;
ní féidir aigne gheanmnaí a mheá mar is dual.
16Mar an ghrian ag éirí de dhroim sléibhte an Tiarna,
is mar sin atá ag áille dea-mhná i dteach dea-riartha.
17Mar an choinneal ag taitneamh ar an gcoinnleoir naofa,
is mar sin atá ag ceannaithe áille ar cholainn chórach.
18Mar cholúin órga ar bhonn airgid,
is mar sin atá cosa dea-chumtha ar [sháile] daingine.
19(Caomhnaigh bláth d óige, a mhic ó,
agus ná caith do neart le coimhthígh.
20Cuardaigh an machaire go léir le haghaidh ghoirt thorthúil;
cuir do shíol féin ann, le barr muiníne as feabhas do phóir.
21Mairfidh do shliocht ar an gcuma sin,
agus rachaidh méadú orthu le bród as a ndúchas fónta.
22Meas priosla a bhíonn ar striapach,
ach is túr básaithe dá lucht suirí an bhean dhleathach.
23Tugtar bean aindiagaithe mar chuid do choirpeach,
ach bean chráifeach don fhear arb eagal leis an Tiarna.
24Ní théann stad ar an mbean mhínaireach ó bhearta náireacha;
ach bíonn an iníon gheanmnaí cúthail fiú lena fear céile féin.
25Ní bhíonn ach meas madra ar bhean cheanndána,
ach bíonn eagla an Tiarna ar bhean na náire.
26Is eagnaí le cách an bhean a bhfuil meas aici ar a fear:
ach an té a bhfuil drochmheas aici air le barr uabhair, is éagráifeach í dar le cách;
is méanar do chéile na dea-mhná, mar méadófar líon a bhlianta faoi dhó.
27Clabaire béalscaoilteach mná, is geall le trumpa í á shéideadh le ruathar a thabhairt faoin namhaid;
agus aon fhear faoin gcuing léi, caitheann sé a shaol i mbuaireamh an chogaidh.)
Seo agus Siúd
28Cuireann dhá ní buairt ar mo chroí, agus cuireann an tríú ní fraoch feirge orm:
curadh á shnoí le bochtaine,
drochmheas ar lucht éirime,
agus fear ag casadh ón bhfíréantacht ar ais ar an bpeaca
- déanfaidh an Tiarna an té sin a choiriú do bhás le faobhar claímh.
29Is deacair don cheannaí an éagóir a sheachaint,
agus ní shaorfar an mangaire ón bpeaca.

Currently Selected:

Síorach 26: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in