YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 25

25
Seanfhocail
1[Is geal le mo chroí trí nithe,
agus is geal le Dia agus le daoine iad]
- tuiscint idir deartháireacha, cairdeas idir comharsana,
agus lánúin a mhaireann go sona sásta lena chéile.
2Tá trí shórt duine is fuath le mo chroí,
agus is mór mar a ghoilleann a saol orm
- bochtán a bhorrann le huabhar, bréagaire saibhir,
agus adhaltranach aosta gan chiall.
3Mura ndearna tú cnuasach i d'óige,
conas a gheobhaidh tú aon ní i do sheanaois?
4Nach breá é an dea-bhreithiúnas ó chinn liatha,
agus dea-chomhairle á tabhairt ag liatha!
5Nach breá í eagna na sean,
agus tuiscint agus comhairle ó lucht an ghradaim!
6Coróin na seanaoise taithí fhairsing,
agus eagla an Tiarna ábhar a maite.
7Ritheann naoi smaoineamh liom a chuireann gliondar ar mo chroí,
agus tá an deichiú ceann ar bharr mo theanga:
fear ar a gcuireann a chlann lúcháir,
fear a mhaireann le turnamh a naimhde a fheiceáil;
8Is aoibhinn don fhear a dhéanann aontíos le bean chiallmhar,
agus nach ndearna botún ina chaint,
agus nach ndearna seirbhís do dhuine níos táire ná é;
9Is aoibhinn don té a fuair dea-chiall;
agus a dtugann a lucht éiste aird air.
10Nach éachtach é an té a d'aimsigh an eagna,
ach níl sárú ar an té ar a bhfuil eagla an Tiarna.
11Sáraíonn eagla an Tiarna an uile ní
agus cé is inchomhórtais leis an té atá ina mháistir uirthi?
12(Tús a ghrá eagla an Tiarna,
agus tús an chreidimh cloí leis.)
Mná
13Aon chréacht ach créacht sa chroí
aon choirpeacht ach coirpeacht mhná!
14Aon ionsaí ach ionsaí lucht fuatha!
aon díoltas ach díoltas naimhde!
15Níl nimh níos measa ná nimh nathrach!
ní measa aon fhearg ná fearg namhad.
16B fhearr liom bheith in aontíos le leon nó le dragan,
ná bheith in aointíos le drochbhean.
17Athraíonn urchóid mná a cló,
agus cuireann scamall ar a gnúis dála béir.
18Caitheann a fear a chuid lena chomharsana,
agus bíonn ag osnaíl go goirt [gan focal as].
19Ní mór an ní is fiú aon urchóid go hurchóid mná;
go dtite crann an pheacaigh uirthi!
20Is cuma fear ciúin ag plé le cabaire mná
nó cosa an tseanduine ag dréim le dumhach gainimh.
21Ná cuireadh scéimh mná cluain ort,
agus ná bíodh dúil agat i mbean ar son a [maoine].
22Gabhann drochmhianach agus easumhlaíocht agus aithis leis
má chothaíonn bean a céile.
23Drochmhisneach, gnúis ghruama, agus croí briste,
- sin iad na nithe a thugann drochbhean chun críche;
lámha gan fhuinneamh agus glúine laga,
bean nach gcuireann lúcháir ar a fear is cúis leo.
24Ó bhean a tháinig tús an pheaca,
agus is dá barr a gheobhaidh an uile dhuine bás.
25Ná lig le huisce
agus ná scaoil le teanga drochmhná.
26Mura ndéanann sí rud ort,
scar léi.

Currently Selected:

Síorach 25: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in