YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 24

24
Moladh na hEagna
1Tá an eagna á moladh féin,
agus ag déanamh mórtais i measc a muintire.
2Osclóidh sí a béal i gcomhthionól an Té is Airde
agus déanfaidh sí mórtas i láthair a shlua.
3“Tháinig mé amach as béal an Té is Airde,
agus chlúdaigh mé an talamh mar scamall.
4Bhí mo bhoth agam sna harda,
agus mo ríchathaoir ar cholún néil.
5Rinne mé cuairt stua na spéire liom féin,
agus shiúil mé i ndoimhne an duibheagáin.
6Tá sealúchas agam i dtonnta na bóchna, agus ar fud an domhain,
i ngach pobal agus i ngach cine.
7Lorg mé áit lonnaithe ina measc sin go léir,
agus cé hiad a suífinn mo champa ina gcríocha.
8Ansin thug cruthaitheoir an uile ní ordú dom,
agus cheap an té a chruthaigh mé láthair do mo bhoth;
dúirt sé: ‘Déan cónaí i Iacób,
agus bíodh Iosrael agat mar oidhreacht.’
9Ón tsíoraíocht roimh thúsú an domhain, chruthaigh sé mé,
agus beidh mé ann go brách na breithe.
10Rinne mé freastal ina láthair sa bhoth naofa,
agus ar an gcuma sin daingníodh mé ar Shíón.
11Mar an gcéanna chuir sé i mo chónaí mé sa chathair is ansa leis,
agus is in Iarúsailéim atá mo thiarnas agam.
12Chuir mé fréamhacha amach i bpobal a bhí faoi ghradam,
i sealúchas an Tiarna arb é a oidhreacht é.
13D'fhás mé suas go hard mar chéadar sa Liobáin,
agus mar chufróg ar ardáin Hearmón.
14D'fhás mé suas go hard mar chrann pailme in Éan Geidí,
agus mar mhuine rós in Ireachó,
mar ológ mhaisiúil ar mhachaire;
agus mar chrann plána d'fhás mé aníos.
15Thug mé cumhracht uaim mar chainéal agus acaicia,
agus spréigh mé musc mar thogha an mhiorr,
mar ghalbanam, onux, agus stactae,
agus mar chumhracht na túise sa bhoth.
16Leath mé mo ghéaga mar an teiribint;
is géaga glóire agus maise mo ghéaga;
17Dála na fíniúna, d'eascair craobha áille asam,
agus tá glóir agus saibhreas mar thoradh ar mo bhláth.
18(Mise máthair an ghrá álainn, na heagla, an eolais, agus an dóchais bhúidh;
tugtar mé dá bhrí sin do mo chlann go léir ón tsíoraíocht, dóibh siúd go léir a ainmníonn sé.)
19Tagaigí chugam sibhse go léir a bhfuil dúil agaibh ionam,
agus ithigí bhur sáith de mo chuid torthaí.
20Óir is milse ná mil a bheith ag cuimhneamh orm,
agus is dea-bhlasta fós ná cíor mheala mé a shealbhú.
21Beidh dúil i mbreis ag an muintir a itheann mé
agus tart chun a thuilleadh fós ar an muintir a ólfaidh mé.
22Ní náireofar an té a éisteann liom,
agus a mhuintir a dhéanann rud orm, ní dhéanfaidh siad peaca choíche.”
An Eagna agus an Dlí
23Sé conradh Dé in airde é seo go léir,
an dlí a d'ordaigh Maois dúinn,
oidhreacht do chomhthionóil Iacóib;
24(Ná scoir de bheith tréan sa Tiarna;
cloígh leis le go neartódh sé thú;
sé an Tiarna Uilechumhachtach amháin is Dia;
níl slánaitheoir ann ach é.)
25Sin é a chuireann an eagna thar maoil mar an Piseón,
agus mar an Tígris i séasúr na gcéadtorthaí;
26Sin é a chuireann an chiall thar maoil mar an Eofrataes,
agus mar an Iordáin san fhómhar.
27Sin é a chuireann an teagasc [ina thuile mar an Níl,]
agus mar an nGíohón i bhfómhar an fhíona.
28Mar nach bhfuair an chéad fhear aithne cheart uirthi,
agus níor thomhais an té is déanaí go baileach í.
29Óir is fairsinge ná an fharraige a smaointe,
agus is doimhne ná an duibheagán a comhairle.
30Agus maidir liomsa, ghabh mé mar chanáil ó abhainn,
mar gháitéar uisce isteach i ngairdín.
31Dúirt mé: “Déanfaidh mé m'úllord a uisciú,
agus mo luibhghort a lánfhliuchadh.”
Agus féach, rinneadh abhainn de mo chanáil
agus muir de m'abhainn.
32Cuirfidh mé teagasc ag taitneamh mar an láchaint,
agus spréifidh mé a sholas i bhfad i gcéin.
33Déanfaidh mé eolas a dhoirteadh amach mar thairngreacht,
agus fágfaidh mé é do ghlúine le teacht.
34Féachaigí nach dom féin amháin a rinne mé saothar,
ach ar son cách atá ar thóir na heagna.

Currently Selected:

Síorach 24: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in