YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 23

23
1A Thiarna, a athair agus a mháistir mo bheatha,
ná fág mé faoina gcomhairle,
agus ná lig dom titim dá mbarr.
2Cé a imreoidh lasca ar mo smaointe,
agus a chuirfidh laincis na heagna ar m'aigne?
d'fhonn nach ndéanfaí tláithínteacht liom i m'earráidí,
agus nach n‑éalódh aon pheaca liom slán;
3Le heagla go méadófaí ar líon m'earráidí
agus go rachadh mo pheacaí i líonmhaire,
agus go dtitfinn os comhair mo naimhde
agus go mbeadh áthas ar m'eascara de mo chionn.
4A Thiarna, a athair, agus a Dhia mo bheatha,
ná tabhair dom súile uaibhreacha,
5agus cuir ainmhian i leataobh uaim;
6ná faigheadh craos ná drúis an lámh in uachtar orm,
agus ná fág mé faoi anam gan náire.
Lochtaí na Teanga
7Éistigí, a chlann ó, le teagasc faoin teanga;
an té a choimeádfaidh é, ní bhéarfar amuigh air choíche.
8Titeann an peacach i ngaiste a theanga,
agus is ceap tuisle í don aithiseach agus don uaibhreach.
9Ná téadh do bhéal i dtaithí na mionn,
agus na bíodh ainm an Té is Naofa de shíor ar do theanga.
10An daorán a bhíonn de shíor á fhaire
ní bhíonn sé saor ó riastaí;
is é an dála céanna é ag an té a thugann mionna agus a ghlaonn ar an ainm gan stad,
ní ghlanfar é ón bpeaca.
11Líonfar le hurchóid fear tabhartha a lán mionn;
ní fhágfaidh an sciúirse a theaghlach;
má pheacaíonn sé, fanfaidh a pheaca air;
má mhionnaíonn sé gan ábhar, déanfaidh sé peaca faoi dhó;
má thugann sé mionn éithigh, ní fhíréanfar é,
mar líonfar a theach le hainnise.
12Tá nós cainte ann ar a bhfuil aibíd an bháis;
ná faightear go deo é in oidhreacht Iacóib!
fanfaidh an dream diagaithe i bhfad i gcéin uaidhsean,
agus ní shiúlfaidh siad go glúine i bpeacaí.
13Ná tabhair taithí na graostachta agus na gáirsiúlachta do do theanga,
mar gabhann caint pheacúil leis an sórt sin.
14Cuimhnigh ar d'athair agus ar do mháthair
nuair a shuíonn tú i measc na bhflatha,
le heagla go ndéanfá dearmad os a gcomhair,
agus go mbeadh meas amadáin ort de bharr do bhéas;
b'fhearr leat ansin nach saolófaí chuige thú,
agus chuirfeá mallacht ar lá do bhreithe.
15An té a bhfuil taithí aige ar asacháin,
ní rachaidh múineadh air lena shaol.
Drúis
16Cuireann dhá shórt fir le líon na bpeacaí,
agus titeann fraoch na feirge ar an tríú sort;
17An croí a bhíonn á dhó mar thine loiscneach
ní mhúchfar é nó go gcaitear ar fad é;
an té a dhéanann collaíocht lena ghaol fola
ní rachaidh aon stad air nó go ndófar gach pioc de;
is milis leis an adhaltranach gach bia,
agus ní rachaidh aon stad air go bás.
18An té a pheacaíonn in aghaidh leaba a phósta,
agus a deir leis féin: “Cé tá ag faire orm?
tá an dorchadas i mo thimpeall agus tá na fallaí do mo cheilt;
ní fheiceann aon duine mé; cén fáth go mbeadh imní orm?
ní thabharfaidh an Té is Airde aon aird ar mo pheacaí.”
19Súile daoine is eagal leis,
ní thuigeann sé go bhfuil súile an Tiarna
níos gile faoina deich ná an ghrian;
go mbíonn siad ag faire ar bhealaí uile an duine
agus gur léir dóibh fiú na póirsí folaigh.
20Sular ceapadh an chruinne ba eol dó í go léir;
agus b'amhlaidh a bhí tar éis í go léir a chumadh.
21Cuirfear pionós ar an bhfear seo ar shráideanna na cathrach;
agus gabhfar é san áit is lú a mbeidh coinne aige leis.
22Beidh an scéal céanna ag an mbean a thréigfidh a fear
agus a mbeidh oidhre aici le fear eile.
23Sa chéad áit, ní raibh sí umhal do dhlí an Té is Airde;
sa dara háit, rinne sí coir in aghaidh a fir chéile;
sa tríú háit, rinne sí adhaltranas trína striapachas,
agus ghabh sí clann le fear eile.
24Tabharfar í féin os comhair an chomhthionóil,
agus déanfar iniúchadh ar a clann.
25Ní chuirfidh a clann fréamhacha síos,
ná ní bheidh torthaí ar a craobhacha.
26Fágfaidh sí a cuimhne faoi mhallacht ina diaidh,
agus ní scriosfar a haithis chun siúil.
27An mhuintir a mhairfidh ina diaidh,
beidh a fhios acu nach sáraíonn aon ní eagla an Tiarna,
agus nach milse aon ní na cloí le haitheanta an Tiarna.

Currently Selected:

Síorach 23: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in