YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 22

22
1Is geall le carraig bhréan fear na leisce,
agus bíonn cách ag fonóid faoina aithis.
2Is geall le cnapán aoiligh fear na leisce;
gach duine a bheireann greim air, croitheann sé dá láimh é.
Leanaí Mí-Mhúinte
3Is mór an náire é mac mí-mhúinte a ghiniúint;
agus is dochar é breith iníne.
4Faigheann iníon chiallmhar fear di féin,
ach is dólás dá hathair iníon gan náire.
5Tugann iníon easumhal náire dá hathair agus dá fear céile,
agus beidh drochmheas acu araon uirthi.
6Is cuma nó ceol ag tórramh, eachtra a insint go míthráthúil;
ach tá ciall gach tráth le pionós agus le smachtú.
7(Clann a thógtar i saol fónta, ceileann siad dúchas uiríseal a dtuismitheoirí;
8Clann atá gan urraim, gan mhúineadh, gan chneastacht,
tugann siad masla d'uaisleacht a muintire.)
Ciall agus Éigiall
9Is cuma a bheith ag teagasc daoi nó a bheith ag dlúthú smidiríní pota le chéile,
nó ag dúiseacht duine atá i dtromshuan.
10Is cuma a bheith ag insint scéil do dhaoi nó do chodlatán:
nuair a bheidh deireadh ráite déarfaidh sé: “Céard é sin?”
11Bí ag caoineadh an mhairbh, mar tá an solas de dhíth air;
bí ag caoineadh an daoi, mar tá ciall de dhíth air;
ná goil chomh goirt ar an marbh, mar tá sé ar a shuaimhneas;
Is measa ná bás beatha daoi.
12Seacht lá a mhaireann caoineadh an mhairbh,
ach caointear an daoi agus an coirpeach ar feadh a saoil.
13Ná cuir focail amú ar an dúr
agus fan amach ón bhfear gan éirim;
seachain é d'fhonn nach mbeadh trioblóid ort,
agus go bhfágfadh sé smál ort agus é ag imeacht leis;
fair amach dó agus beidh suaimhneas agat,
agus ní chuirfidh a bhaois go deo aon suaitheadh ort.
14Cad is troime na luaidhe,
agus cad eile is ainm dó ach Amadán?
15Gaineamh, salann, nó cnapán iarainn
- nach fusa iad a iompar ná duine dúr?
16An chearchaill a ghreamaítear i bhfoirgneamh,
ní bhogfaidh crith talún é;
sé an dála céanna é ag an aigne meáite ar dhea-chomhairle,
ní chlisfidh sí in uair na cinniúna.
17Is cuma croí socair ar chúrsa ciallmhar
nó plástráil mhaisiúil ar fhalla slíoctha.
18An fál cuaillí ar an ard,
ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na gaoithe;
sé an dála céanna é ag croí an daoi,
scanraíonn a smaointe féin é,
agus ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na heagla.
Cairdeas
19Prioc súil agus sceithfidh deora;
prioc croí agus sceithfidh taom.
20Caith clocha le héanlaith, agus scaipfidh siad le heagla;
caith asachán le cara, agus scaipfidh tú an cairdeas.
21Má nocht tú claíomh in aghaidh do charad,
ná bíodh éadóchas ort, mar tá conair fillte ann.
22Má oscail tú do bhéal i gcoinne do charad,
ná bíodh imní ort, bíonn súil le hathchairdeas;
ach i gcás asacháin, díomais, sceitheadh rún, buille fill -
teithfidh gach cara sna cúinsí sin.
23Gnóthaigh muinín do chomharsan lá a ghátair,
le go ndéanfaidh tú lúcháir leis lá a shéin;
bí taobh leis in am a thrioblóide,
le go mbeidh tú i bpáirt leis ina oidhreacht.
24Gabhann gal agus deatach ón sorn sula lasann sé,
agus sé an dála céanna é ag maslaí roimh dhoirteadh fola.
25Ní bheidh náire orm cara a chosaint,
ná ní rachaidh mé i bhfolach as a radharc;
26Má thagann urchóid orm dá bharr,
beidh cách a chloisfidh san airdeall air.
Aire
27Cé a chuirfidh garda ar mo theanga
agus séala na críonnachta ar mo bheola?
le mé a choimeád ó thitim,
agus nac scriosfadh mo theanga mé.

Currently Selected:

Síorach 22: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in