Síorach 21
21
Peacaí
1An ndearna tú peaca a mhic? Ná déan amhlaidh arís,
ach bí ag guí faoina bhfuil déanta agat.
2Teith ón bpeaca mar a dhéanfá ó nathair nimhe
má théann tú ina ghaire, béarfaidh sé ort;
tá a fhiacla mar fhiacla leoin,
agus stollann siad an t‑anam as daoine.
3Tá gach aindleathacht mar chlaíomh dhá fhaobhar,
agus níl leigheas ar a créacht.
4Déanann scanradh agus dásacht maoin a scriosadh;
agus mar sin a scriosfar teach an uaibhrigh.
5Téann guí an bhoicht óna bheola caol díreach go cluasa [Dé],
agus tagann a bhreithiúnas gan mhoill.
6An té ar fuath leis ceartú, siúlfaidh sé i rian an pheacaigh;
ach an té arb eagal leis an Tiarna, déanfaidh sé aithrí ina chroí.
7An té a bhfuil cumas teanga aige, tá aithne air i gcéin;
ach tugann an duine tuisceanach faoi deara nuair a dhéanann sé dearmad.
8An té a thógann a theach le hairgead daoine eile,
is cuma é nó fear a bhailíonn clocha dá [thuama féin].
9Is cuma comhthionól na gcoirpeach nó barrach ina charn;
bladhm thine an chríoch a bheidh orthu.
10Tá bealach na bpeacach slíoctha le clocha,
ach ag a dheireadh tá cuithe Sheól.
Saoi agus Daoi
11An té a choinníonn an dlí, beidh smacht aige ar a mhianta;
sí an eagna buaic eagla an Tiarna.
12An té atá gan éirim, ní féidir é a mhúineadh,
ach tá éirim ann a mhéadaíonn an seirfean.
13Rachaidh eolas an eagnaí i méid mar thuile,
agus a chomhairle mar thobar beo.
14Tá croí an amadáin mar chrúsca briste,
agus ní fhanfaidh aon eolas ann.
15Má chloiseann fear tuisceanach caint chiallmhar,
molfaidh sé í agus cuirfidh sé léi;
má chloiseann macnasaí í, ní thaitneoidh sí leis
agus caithfidh sé laistiar dá dhroim í.
16Tá tuairisc an amadáin mar ualach ar aistear,
ach is solas é éisteacht le duine éirimiúil.
17Beifear ag tnúth go géar sa chomhthionól le focail an duine chliste,
agus déanfar a chuid cainte a mheá ó chroí.
18Is cuma nó fothrach tí an eagna don daoi;
agus níl in eolas an bhaotháin ach giofaireacht gan éifeacht.
19Níl san oideachas don duine gan éirim, ach mar laincis faoina chosa,
nó mar chuibhreach ar a láimh dheas.
20Gáireann an t‑amadán in ard a ghutha,
ach tagann meangadh gáire go réidh ar an duine stuama.
21Is cuma nó ornáid óir an t‑oideachas don duine géarchúiseach,
nó bráisléad ar a láimh dheas.
22Bíonn fuadar faoi chois an amadáin isteach i dteach,
ach seasann fear na taithí go hurramach os a chomhair.
23Bíonn an dúr ag gliúcaíl tríd an doras isteach
ach seasann an duine múinte lasmuigh.
24Mímhúineadh is ea a bheith ag cúléisteacht ag doras;
chuirfeadh a leithéid náire ar dhuine tuisceanach.
25Beidh focail daoine eile ar a mbéal [ag lucht na cúlchainte],
déanfar focail lucht na tuisceana a mheá go cruinn.
26Tá aigne na n‑amadán ina mbéal;
agus tá smaointe na saoithe ar a mbeola.
27Nuair a chuireann an t‑éagráifeach mallacht ar a [namhaid],
cuireann sé mallacht ar a anam féin.
28Déanann an béadánaí é féin a tháiriú,
agus tugann a chomharsa fuath dó.
Currently Selected:
Síorach 21: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.