Síorach 20
20
Tost
1Tá an ceartú míthráthúil ann,
agus an duine ciúin ann atá ciallmhar freisin.
2Nach fearr go mór ceartú a dhéanamh ná fanacht i bhfearg!
an té a admhaíonn a locht, cosnaítear ar an olc é.
3(Nach breá é aithrí a dhéanamh go follas nuair a cheartaítear thú,
mar ansin seachnóidh tú peaca d'aontoisc.)
4Is geall le coillteán ag tnúth le maighdean a mhilleadh,
an té a bhíonn ag cur a cháis in iúl le láimh láidir.
5Bíonn duine ann a fhanann ina thost agus faigheann sé cáil na heagna;
bíonn duine eile béalscaoilteach, agus tugtar fuath dó.
6Fanann duine ina thost mar nach mbíonn freagra aige;
fanann duine eile ina thost mar go mbíonn fios na faille aige.
7Fanfaidh an saoi ina thost nó go dtaga a uain;
ach an bladhgaire baoth, ní aimsíonn sé an uain cheart.
8Beidh an ghráin ar an té a bhíonn róchainteach,
agus tabharfar fuath don té a théann thar fóir le caint.
Seo agus Siúd
9Bíonn duine ann ar a dtagann an rath agus é faoi bhráca;
agus is féidir d'fháltas gan choinne dul chun dochair.
10Bíonn tabhartas nach dtéann chun sochair,
agus ceann eile ar a mbíonn toradh faoi dhó.
11Bíonn dochar ann de bhíthin glóíre,
agus bíonn daoine a fhaigheann ardú cinn ó lár na hainnise.
12Bíonn fear ann a cheannaíonn a lán ar an mbeagán,
ach a dhíolann as faoi seacht.
13Tuilleann an saoi cion de bharr a chuid cainte,
ach téann comaoin na ndaoithe amú.
14Ní rachaidh tabhartas an amadáin chun tairbhe duit,
óir tá mórchuid súl aige in áit an aoin.
15Is beag a bhronnann sé ach is mór a cháineann;
bíonn a chlab ar leathadh dála an challaire;
tugann sé iasacht inniu, agus éilíonn í ar ais amárach;
duine gránna a leithéid.
16Déarfaidh an daoi: “Níl cara agam,
agus níl aon bhuíochas orm de bharr mo dheabhearta;
17An mhuintir a itheann [mo] chuid aráin, tá teanga shuarach acu”;
nach iomaí duine a dhéanann fonóid faoi, agus nach minic!
Caint Bhaoth
18Is fearr tuisle ar an tsráid ná tuaiplis ar an teanga;
mar sin a thagann tubaiste sa mhullach ar dhroch-dhaoine gan mhoill.
19Fear tútach, is cuma é nó scéal á insint in antráth,
agus á reacadh gan stad ag aineolaigh.
20Faigheann seanfhocal ó bhéal daoi an diúltú,
mar nach san uain cheart a deir sé é.
21An té a gcoisceann an bhochtaine air peaca a dhéanamh,
ní bhíonn aon bhuaireamh aigne air nuair a ligeann sé a scíth.
22An té a ídíonn é féin le barr náire,
déanann sé amhlaidh ar son tuairim duine bhaoth.
23An té a thugann gealltanas do chara trí náire,
déanann sé namhaid dó féin in aisce.
Éitheach
24Máchail ghránna ar dhuine an t‑éitheach
ach bíonn sé i gcónaí ar bhéal na n‑ainbhiosán.
25Is fearr gadaí ná bréagaire buan;
ach tá an tubaiste i ndán dóibh araon.
26Is gránna é nós an bhréagaire,
agus ní scarann a náire leis go brách.
An Saoi
27Cuireann an saoi é féin chun cinn lena bhriathra;
tabharfaidh an duine ciallmhar taitneamh do fhlatha.
28An té a shaothraíonn an talamh, beidh fómhar fial aige;
29 agus an té a thugann taitneamh do fhlatha, maithfear a choir dó.
29 Déanann bronntanais agus tabhartais súile na saoithe a dhalladh,
agus múchann siad gearáin mar a dhéanfadh pusachán.
30 Eagna faoi cheilt nó ciste i bhfolach -
cén tairbhe ceachtar díobh?
31 Is fearr an té a cheileann a bhaois
ná an té a cheileann a ghaois.
Currently Selected:
Síorach 20: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.