YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 19

19
1Ní éireoidh oibrí meisciúil saibhir choíche;
an té a dhéanann faillí i nithe beaga, titfidh sé beagán ar bheagán.
2Cuireann fíon agus mná saoithe amú;
éiríonn fear taithithe meirdreach an-mhínáireach.
3Beidh sé mar oidhreacht ag brocamas agus ag cruimheanna;
agus an té atá gan náire, caillfear é.
Caint agus Cúlghearradh
4Duine gan stuaim an té a chuireann a mhuinín i ndaoine ar an toirt;
an té a dhéanann peaca, déanann sé díobháil dó féin.
5An té a dhéanann lúcháir faoin [olc], daorfar é,
(ach an té a dhiúltaíonn don phléisiúr, cuireann sé coróin ar a shaol;
6An té a smachtaíonn a theanga, mairfidh sé gan bhuaireamh)
agus an té ar beag leis béadán, seachnaíonn sé an t‑olc.
7Ná scaoil scéal,
agus ní baol duit;
8Ná hinis do chara ná do namhaid é,
agus ná foilsigh é, muran peaca a mhalairt.
9Óir chloisfeadh duine éigin thú, agus bheifí ag faire ort,
agus, in am trátha, thabharfaí fuath duit.
10An bhfuair tú gaoth an fhocail? Buail cos air!
Bíodh misneach agat! Ní phléascfaidh sé thú!
11Bíonn an daoi in íona le scéal a chloiseann sé
mar a bhíonn bean i mbreith clainne.
12Mar a bheadh saighead i bhfeoil na ceathrún,
sin mar atá scéal i mbolg an daoi.
13Cuir ceist ar chara; b'fhéidir nach ndearna sé aon ní;
ach má rinne sé aon ní, ná déanadh sé go deo arís é.
14Cuir ceist ar do chomharsa; b'fhéidir nár dhúirt sé aon ní;
ach má dúirt sé é, ná habradh sé arís é.
15Cuir ceist ar chara, mar is minic gur tromaíocht é;
ná creid, más ea, gach a gcloisfidh tú.
16D'fhéadfadh duine botún a dhéanamh agus nach dá dheoin é;
cé nach ndearna peaca riamh lena theanga?
17Cuir ceist ar do chomharsa roimh bagairt air;
agus fág faoi dhlí an Té is Airde a chúrsa a rith.
18(Tús a chneastachta, eagla an Tiarna;
agus gnóthaíonn an eagna a ghrá.
19Oiliúint chun na beatha is ea eolas ar aitheanta an Tiarna;
an mhuintir a dhéanann a réir bailíonn siad
cnuas de chrann na neamhbhásmhaireachta.)
An Eagna Fhíre
20Sé is iomlán na heagna ann ná eagla an Tiarna;
agus níl san eagna ar fad ach comhlíonadh an dlí (agus eolas ar a uilechumhacht;
21An searbhónta a deir lena mháistir: “Ní dhéanfaidh mé mar is áil leat,”
cuireann sé fearg ar fhear a chothaithe fiú má dhéanann sé é ina dhiaidh sin).
22Ní eagna é eolas ar an gcoirpeacht,
ná níl ciall mar a mbíonn peacaigh i gcomhairle.
23Tá clisteacht ann atá granna;
is amadán an té atá gan eagna.
24Is fearr a bheith ar bheagán céille agus ar mhórán eagla,
ná bheith lán d'éirim, ach bheith ag briseadh an dlí.
25Tá clisteacht ann atá beacht, gan a bheith cóir;
agus tá an sórt duine ann a bhaineann feidhm as comaoin le breith a fháil ina fhabhar.
26Tá coirpeach ann a ghabhann thart cromtha mar dhea le dólás,
ach atá lán de chalaois laistigh.
27Cuireann sé folach ar a aghaidh, agus ligeann air a bheith bodhar,
agus nuair nach mbíonn súil leis, faigheann sé an buntáiste ort.
28Agus má theipeann air peaca a dhéanamh cheal cumais,
déanfaidh sé an t‑olc nuair a gheobhaidh sé an fhaill air.
29Is féidir duine a aithint ar a chuntanós;
agus is féidir fear tuisceanach a aithint ar dhealramh a cheannaithe.
30Insíonn éadach duine agus a gháire leathan,
agus a chéim siúil, cén sort é.

Currently Selected:

Síorach 19: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in