YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 27

27
1Is iomaí duine a rinne peaca ar son [brabúis];
an té ar mian leis a bheith saibhir, ní foláir dó [a bheith bómanta].
2Faigheann cuaille greim daingean i scoilt idir carraigeacha;
déanann an peaca ding de féin idir díol agus ceannach.
3Mura gcloíonn duine go díograiseach le heagla an Tiarna,
ní fada an mhoill ar a theaghlach titim óna chéile.
4Nuair a chroitear an criathar fágtar an dramhaíl ann;
mar an gcéanna feictear lochtanna an duine trí bhíthin a chuid cainte.
5Tástálann an sorn soithí an photaire;
agus triailtear an duine trí bhíthin a chomhrá.
6Taispeánann toradh an chrainn an aire a tugadh dó;
mar an gcéanna taispeánann briathra an duine claonta a chroí.
7Ná mol duine go mbeidh deireadh ráite aige;
óir is mar sin a dhéantar é a thástáil.
8Má théann tú sa tóir ar an gcóir, déanfaidh tú í a ghnóthú,
agus a chaitheamh mar fhallaing ghlórmhar.
9Aithníonn ciaróg ciaróg eile,
agus filleann an fhírinne ar lucht a cleachtaithe.
10Déanann an leon luíochán ar a chreach,
agus sa tslí chéanna an peaca ar lucht déanta an oilc.
11Is críonna i gcónaí í caint an duine chráifigh,
ach tá an t‑éaganta chomh guagach leis an ngealach.
12I measc na ndúr duit, bí ag faire na faille,
ach fan bog i measc na dtuisceanach.
13Is gránna í caint na n‑amadán,
agus is ragairneach peacúil é a ngáire.
14Chuirfeadh caint lucht mionnaí a thabhairt do ghruaig ar bior;
agus chuirfeadh a gcuid aighneas ort do mhéara a chur i do chluasa.
15Doirteadh fola is críoch le hachrann na ndíomasach;
chuirfeadh sé masmas ort éisteacht lena gcuid asachán.
16An té a sceitheann rúin, scriosann sé muinín,
agus ní bhfaighidh sé cara ar a mhian go deo.
17Bíodh cion agat ar do chara, agus bí dílis dó;
ach má sceith tú a rúin, ná rith ina dhiaidh arís.
18Faoi mar a scriosann fear a naimhde,
is mar sin a scrios tú cairdeas do chomharsan.
19Faoi mar a scaoileann tú éan as do láimh uait,
is mar sin a scaoil tú le do chomharsa agus ní bhfaighidh tú greim arís air.
20Ná bac é a leanúint - tá sé rófhada ó bhaile,
agus d'éalaigh sé leis mar eilit ó ghaiste.
21Óir is féidir ceirín a chur le créacht, agus síocháin a theacht tar éis asacháin,
ach níl aon ní i ndán do fhear rúin a sceitheadh.
Cur i gCéill
22An té a sméideann súil, tá urchóid á beartú aige,
agus ní féidir d'aon duine í a chosc air
23Níl ach mil ar a theanga i do láthair,
agus déanann sé iontas de do chuid cainte;
ach beidh sé ar mhalairt poirt níos déanaí
agus bainfidh sé macalla maslaitheach as do bhriathra féin.
24Is iomaí rud is fuath liom,
ach eisean seach cách;
beidh fuath fiú ag an Tiarna dó.
25An té a chaitheann cloch in airde díreach, is sa mhullach air féin a chaitheann sé í;
osclaíonn buille fill créachtaí.
26An té thochlann clais, titeann sé inti;
an té a chuireann gaiste i bhfearas, béarfar air féin ann.
27Filleann an urchóid ar an té a dhéanann urchóid,
agus ní bheidh a fhios aige carb as di.
28Searbhas agus masla, baineann siad leis an uaibhreach,
ach tá díoltas ina luíochán air mar leon.
29An mhuintir arb lúcháir leo titim na bhfíréan,
béarfar orthu sa ghaiste,
agus meilfidh pian iad roimh bhás dóibh.
Díoltas agus Achrainn
30Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin,
agus gheofar iad i seilbh an pheacaigh.

Currently Selected:

Síorach 27: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in