YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 12

12
Rialacha
1Má chuireann tú comaoin ar dhuine, faigh amach cé hé,
agus beifear buíoch duit ar son do bheart fónta.
2Cuir comaoin ar an bhfíréan, agus gheobhaidh tú luach saothair,
agus mura bhfaighidh tú uaidhsean é, gheobhaidh tú ón Té is Airde go cinnte.
3Níl aon mhaith i ndán don té a chloíonn leis an olc,
ná don té nach dtugann déirc.
4Tabhair don fhíréan, ach ná téigh i gcabhair ar an bpeacach.
5Déan an mhaith don duine uiríseal,
ach ná tabhair aon ní don éagráifeach;
diúltaigh a chuid aráin dó agus ná tabhair dó é,
le heagla go gcloífeadh sé thú dá bharr;
óir gheobhaidh tú an t‑olc ar ais faoi dhó
mar chúiteamh ar a ndéanann tú de mhaith dó.
6Óir is gráin leis an té is Airde na peacaigh,
agus déanfaidh sé díoltas a imirt ar na heágráifigh.
7Tabhair don fhear maith, ach ná cabhraigh leis an bpeacach.
Cairde
8Ní aithneofar cara fíor in am an tséin,
ná ní cheilfear namhaid in am an ghátair.
9Nuair a bhíonn ag rith le duine, bíonn a naimhde go duairc;
nuair a bhíonn an scéal go hainnis aige, déanfaidh fiú a chara é a sheachaint.
10Ná bíodh muinín agat go brách as do namhaid,
óir tagann smál ar a choirpeacht dála an chopair.
11Fiú má umhlaíonn sé é féin agus dul ag lútáil thart,
fair amach duit féin, agus seachain thú féin air;
deileáil leis dála an té a chuir snas ar scáthán,
agus beidh a fhios agat nach mairfidh an smál air go brách.
12Ná cuir ina sheasamh taobh leat é,
le heagla go leagfadh sé ar lár thú agus d'áit a thógáil;
ná cuir ina shuí ar do dheis é,
le heagla go rachadh sé sa tóir ar do shuíochán féin,
agus tuigfidh tú faoi dheireadh brí mo bhriathra,
agus braithfidh tú an chealg i mo chuid cainte.
13Cé ag a mbeadh trua don mhealltóir nathrach a bhfaigheadh an nathair greim air?
nó don mhuintir a théann sa seans le hainmhithe allta?
14Sé an scéal céanna é ag an té a thaithíonn an peacach,
agus a bhíonn páirteach ina pheacaí.
15Fanfaidh sé leat go fóill,
ach má bhaintear tuisle asat, ní sheasóidh sé leat.
16Beidh mil ar a bheola ag an namhaid,
ach ina chroí beidh sé á bheartú thú a chaitheamh sa díog;
beidh deora ina shúile ag an namhaid,
ach má fhaigheann sé faill, ní shásóidh fuil féin é.
17Má thagann mí-ádh ort, gheobhaidh tú ansiúd romhat é;
beidh sé ag cabhrú leat mar dhea,
ach cor coise a thabharfaidh sé duit.
18Croithfidh sé a cheann agus buailfidh sé a bhosa;
beidh a lán cogarnaíola aige, agus cuirfidh sé guthaí de.

Currently Selected:

Síorach 12: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in