Síorach 13
13
Do Chuideachta
1An té a chuirfidh a lámh ar an bpic, saileofar é;
an té a mbíonn caidreamh aige ar an uaibhreach, éireoidh sé cosúil leis.
2Ná hiompair ualach atá róthrom duit,
agus ná taithigh duine níos cumhachtaí ná níos saibhre ná thú;
cén gnó atá ag an bpota cré le taobh an choire iarainn?
buailfidh an coire ina choinne, agus brísfear é.
3Déanann an duine saibhir éagóir, agus caitheann asacháin de bhreis air sin;
déantar éagóir ar an mbochtán, agus gabhann sé leithscéal.
4Má bhíonn aon tairbhe ionat, bainfidh sé feidhm asat;
munar féidir leat coinneáil suas leis, fágfaidh sé ansin thú.
5Má tá rud agat, mairfidh sé farat;
déanfaidh sé do chuid a ídiú, ach ní chuirfidh sin mairg air.
6An bhfuil gá aige leat? - cuirfidh sé an dallamullóg ort;
déanfaidh sé gáire leat agus ardóidh do dhóchas,
agus labhróidh go séimh leat agus déarfaidh: “Cad ab áil leat?”
7Cuirfidh sé náire ort lena bhéilí,
nó go lomfaidh sé thú faoi dhó nó faoi thrí,
agus thiar ó dheireadh déanfaidh sé ceap magaidh díot;
má leagann sé súil ort ina dhiaidh sin, déanfaidh sé neamhaird díot,
agus croithfidh sé a cheann i do thaobh.
8Seachain agus ná cuirtear dallamullóg ort;
agus ná náirítear thú de bharr d'éagantachta.
9Nuair a thugann duine mór le rá cuireadh duit, tóg go réidh é,
agus is móide a dhéanfaidh sé a chuireadh a thathant ort.
10Ná sáigh thú féin chun cinn agus ná brúitear i leataobh thú;
ná fan as an tslí le nach ndéanfar faillí ort.
11Ná lig ort gurb ionann tú agus é,
agus ná geill do thuile a bhriathra;
níl ina chaint go léir ach é do do thriail d'aon ghnó,
agus ar chúl a gháire níl sé ach do do thomhas.
12Is duine gan taise an duine béalscaoilteach,
ní chosnóidh sé thú ar phian ná ar chuibhreacha.
13Bí ag breith chugat féin agus ar d'fhaire go géar,
óir tá tú ag gabháil timpeall le do thubaiste féin!
14(Nuair a chloiseann tú an méid sin, múscail as do shuan;
bíodh grá agat don Tiarna i gcaitheamh do shaoil, agus glaoigh air chun do shlánaithe.)
15Bíonn grá ag gach dúil bheo dá sort féin,
agus ag gach duine dá chomharsa;
16Bíonn caidreamh ag gach ainmhí beo ar a chineál féin;
agus cloíonn gach duine lena leithéid féin.
17Cén cumann atá ag an mac tíre leis an uan?
- is é an dála céanna é ag an bpeacach agus an fíréan.
18Cén tsíocháin is féidir a bheith idir an faolchú agus an madra?
agus cén tsíocháin is féidir a bheith idir an bocht agus an saibhir?
19Bíonn na hasail fhiáine mar sheilg ag na leoin san fhásach,
mar an gcéanna a bhíonn na boicht á bhfiach ag lucht an tsaibhris.
20Is gráin leis an uaibhreach an umhlaíocht,
agus is gráin leis an saibhir an bocht sa tslí chéanna.
21Nuair a bhaintear tuisle as an duine saibhir, faigheann sé taca óna chairde;
nuair a leagtar an bochtán, brúnn a chairde as an tslí é.
22Nuair a shleamhnaíonn an fear saibhír bíonn a lán réidh le breith air;
nuair a labhraíonn sé ráiméis, déanann siad é a chosaint;
nuair a shleamhnaíonn an bochtán, cuirtear milleán air;
fág go labhraíonn sé le ciall, ní thugtar áit dó.
23Labhraíodh an duine saibhir, agus bíonn cách ina dtost,
agus molann siad a chaint go hard na spéire;
labhraíodh an duine bocht, agus deir cách: “Cé hé siúd?”
agus má bhaintear tuisle as, buailtear cos air.
24Is maith é an saibhreas mura bhfuil peaca ag dul leis;
agus is olc é an bochtanas dar leis an éagráifeach.
25Téann croí an duine i bhfeidhm ar a ghnúis,
cibé acu chun feabhais nó chun donais é.
26Comhartha croí shona is ea gnúis lúcháireach;
ní obair gan dua seanfhocail a chumadh.
Currently Selected:
Síorach 13: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.