YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 11

11
Ní mar a Shíltear
1Tabharfaidh eagna an duine umhail ardú cinn dó,
agus cuirfidh ina shuí é i measc na gceannasach.
2Ná mol duine ar son a scéimhe,
agus ná bíodh an ghráin agat ar dhuine ar son a dhealraimh.
3Is beag í an bheach ar an bpór sciathánach,
ach milse na milse a fómhar.
4Ná bíodh clóchas ort faoi d'éidí breátha,
agus ná bíodh éirí in airde ort lá d'onóra,
óir is iontach iad oibreacha an Tiarna,
agus tá a oibreacha ceilte ar dhaoine.
5Is iomaí rí a thug seal ina shuí sa deannach,
agus an té nach raibh aird ag aon duine air, chaith sé an choróin.
6Is iomaí rialtóir a fuair táir agus tarcaisne,
agus cuireadh daoine táscúla faoi bhois daoine eile.
Machnamh
7Ná lochtaigh roimh iniúchadh a dhéanamh;
déan do mhachnamh ar dtús, agus ansin ceartaigh.
8Ná tabhair freagra gan an scéal a chlos;
ná cuir isteach ar dhuine i lár a chuid cainte.
9Ná bí ag aighneas faoi ghnó nach mbaineann leat;
agus ná suigh le peacaigh agus iad i mbun breithiúnais.
10A mhic, ná tarraing an iomad cúraimí ort féin;
má mhéadaíonn tú ar líon do ghnóthaí, beidh tú síos leis;
má dhéanann tú tóraíocht, ní bhfaighidh tú greim;
má theitheann tú, ní éalóidh tú.
11Fear an tsaothair, na fuirse, agus na deifre,
níl aige dá mbarr ach a bheith níos mó chun deiridh.
Muinín as Dia
12Tá ainniseoir eile ann agus cabhair á lorg aige;
tá neart de dhíth air, agus an bhochtaine ar snámh air;
ach tá súil an Tiarna air le gnaoi,
agus ardaíonn sé é as clais na hainnise,
13Agus tugann sé ardú cinn dó,
rud a chuireann alltacht ar a lán.
14Sonas agus donas, beatha agus bás,
bochtaine agus saibhreas, is ón Tiarna a thagann siad.
15(Is ón Tiarna a thagann an eagna, tuiscint, agus eolas ar an dlí;
Is uaidh an déirc agus bealaí na ndea-oibreacha;
16Cruthaíodh an seachrán agus an dorchadas mar aon leis na peacaigh;
rachaidh an t‑olc in aois leo siúd a bhaineann taitneamh as an olc.)
17Maireann tabhartas an Tiarna do na fíréin,
agus beidh rith an rása go brách leis an ní is gean leis.
18Éiríonn fear saibhir le barr díchill agus sprionlaitheachta,
agus seo é an luach saothair is dual dó:
19Nuair a deir sé: “Tá suaimhneas faighte agam,
agus anois is féidir dom sásamh a bhaint as mo mhaoin,”
ní eol dó cén fad a mhairfidh an scéal amhlaidh,
agus go bhfágfaidh sé ag daoine eile í, agus go bhfaighidh sé bás.
20Cloígh le do mhargadh, agus bain taitneamh as;
agus téigh in aois i mbun do ghnó.
21Ná cuireadh éachtaí an pheacaigh ionadh ort,
ach bíodh muinín agat as an Tiarna agus lean ort le do shaothar;
mar ní aon dua é i súile an Tiarna
bochtán a shaibhriú go tobann gan choinne.
22Bíonn beannacht an Tiarna mar luach saothair ag an bhfíréan,
agus cuireann Dia bláth ar a bheannacht gan mhoill.
23Ná habair: “Cad tá de dhíth orm,
agus cén rath a bheidh orm as seo amach?”
24Ná habair: “Níl beann agam ar aon duine,
agus cén donas atá le teacht orm as seo amach?”
25Lá an tséin bíonn dearmad ar an mírath,
agus lá an mhíratha bíonn dearmad ar an séan.
26Ní aon nath é i láthair an Tiarna
luach saothair a thabhairt do dhuine lá a bháis de réir a bheart.
27Cuireann mí-ádh uaire sonas ó chuimhne;
foilseofar bearta duine ag deireadh a shaoil.
28Ná habair gur méanar d'aon duine roimh bhás dó;
is trína chlann a aithneofar an duine.
Na Peacaigh
29Ná tabhair an saol mór abhaile leat,
óir is líonmhar iad cleasa an duine ghlic.
30Tá aigne an uaibhrigh mar an bpatraisc bhréige i gcliabh;
agus tá sé ag faire na faille ort dála an spiaire.
31Téann sé i luíochán agus déanann olc den mhaith;
caithfidh sé asachán ar bhearta fiúntacha.
32As sméaróid aonair, is iomaí spré a adhntar:
agus bíonn an peacach i luíochán ag súil le fuil a dhoirteadh.
33Seachain an coirpeach, mar tá an urchóid á beartú aige,
le heagla go bhfágfadh sé aithis go brach ort.
34Tabhair strainséar chun do thí, agus déanfaidh sé thú a shuaitheadh le tríoblóidí,
agus a chur in earraid le do chlann.

Currently Selected:

Síorach 11: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in