YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 62

62
Aiséirí Iarúsailéim Arís
1Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost,
agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair,
nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan
agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú.
2Is ann a fheicfidh na ciníocha d'fhíréantacht
agus na ríthe uile do ghlóir;
agus tabharfar ainm nua ort,
ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin.
3Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna,
i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.
4Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta,
ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche.
Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin”
agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche.
Óir lig an Tiarna a rún leat
agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile.
5Díreach mar a phósann ógfhear cailín,
is é an Saor féin a phósfaidh thusa;
agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta,
beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia.
6Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agam
nach dual tost dóibh de lá ná d'oíche;
Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna,
7níl sos i ndán daoibh - agus ná tugaigí sos dósan
nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun
ina duan molta dó go deo ar talamh.
8Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairt
dar a dheasláimh agus dar neart a ghualann:
“Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneacht
mar bhia do do naimhde.
Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíona
ar chaith tú do shaothar leis.
9Ach an dream a rinne an t‑arbhar a tharlú,
íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna.
Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíona
a bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.”
Clabhsúr ar na trí Chaibidil seo
10Amach libh, amach trí na geataí!
Réitigí bealach do mo mhuintir!
Tógaigí tóchar, tógaigí suas é;
glanaigí na carraigeacha ar shiúl!
Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!
11Seo é fógra an Tiarna
go críocha na cruinne féin:
“Abraigí le hiníon Shíón:
Seo chugat d'fhuascailteoir.
Tá a luach saothair leis ina sheilbh
agus a chúiteamh á iompar roimhe amach.
12Gairfear dóibh Pobal Naofa,
Cion Fuascailte an Tiarna,
agus duit féin a mbíonn síorthriall ort
Cathair nach dtréigtear.”

Currently Selected:

Íseáia 62: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in