YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 61

61
Gairm an Fháidh
1Tá spiorad an Tiarna Dia orm
de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan,
chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile,
chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite,
chun cead a gcos a fhógairt do na cimí
agus fuascailt do phríosúnaigh;
2chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna,
agus lá díoltais dár nDia;
chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin
3agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh,
ola na lúcháire in ionad éide an bhróin,
moladh in ionad éadóchais.
Goirfear dóibh Crainn na Córa,
a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
4Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa,
beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama;
deiseoidh siad na cathracha creachta
agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.
5Beidh eachtrannaigh ag buachailleacht bhur dtréada daoibh,
agus coimhthígh ag saothrú bhur dtalaimh agus bhur bhfíniúna.
6Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna
agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé.
Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh
agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.
7Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náire
agus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann,
gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féin
agus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.
8Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart
agus is gráin liom slad agus éagóir.
Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis,
agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.
9Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníocha
agus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún.
Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad gur cine iad
atá beannaithe ag an Tiarna.
10“Gáirim le gairdeas sa Tiarna,
tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia.
Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,
rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,
ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta
nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
11Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,
ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,
is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar
fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”

Currently Selected:

Íseáia 61: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in