YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 63

63
Díoltas Dé
1Cé hé seo chugainn as Eadóm,
as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh?
É i mborr agus i mbláth faoina chulaith,
ag céimniú i mbarr a nirt.
- Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta,
mise atá in acmhainn slánaithe!
2- Cén fáth gur dearg ar fad atá do chulaith ort,
ar nós éadach duine a bheadh ag satailt sa dabhach fíona?
3- Phasáil mé an chantaoir i m'aonar;
duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom.
Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm,
agus shiúil mé orthu i gcuthach dom;
steall súlach a gcroí ar mo chulaith
agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.
4Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam,
agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.
5Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom;
agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil.
Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom,
agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.
6Bhasc mé na ciníocha le cuthach,
shatail mé orthu le teann feirge,
agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.
Salm
7Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris,
agus éachtaí an Tiarna a fhógairt,
gach a ndearna an Tiarna ar ár son
agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael,
gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe
agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.
8Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad,
mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.”
Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu
9ina dtrioblóidí go léir.
Ní teachtaire ná aingeal
ach é féin a scaoil saor iad.
Le teann grá agus trua
d'fhuascail sé féin iad;
thóg sé suas agus d'iompair iad
sna laethanta sin uile anallód.
10Ach d'éirigh siad amach ina choinne
agus chuir brón ar a spiorad naofa.
Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibh
agus chuir sé cogadh orthu é féin.
11Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhí
agus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse:
Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muir
iad féin agus tréadaí a thréada?
Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;
12a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidh
ag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois;
a scoilt na huiscí ó chéile rompu
chun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;
13a stiúraigh iad tríd an duibheagán
chomh réidh le capall ar an machaire fiáin,
14gan tuisliú ach oiread le heallach
ag druidim síos bun gleanna,
agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis.
Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintir
chun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.
15Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach,
ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí.
Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce,
do theasghrá agus do thrócaire chugainn?
Ná seas i leataobh uainn
16óir is tusa ár n‑athair,
cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn
agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó.
Tusa, a Thiarna, is athair dúinn;
ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
17Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite,
agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó?
Fill ar ais ar son do sheirbhíseach,
ar son treibheanna d'oidhreachta.
18Cén fáth ar sháraigh lucht an oilc do shanctóir,
cén fáth ar shatail ár naimhde ar do scrín?
19Is fada nach beo dúinn faoi do réir,
ionann agus nárbh é d'ainmse atá orainn.

Currently Selected:

Íseáia 63: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in