YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 42

42
Céad Amhrán Ghiolla an Tiarna
1Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó,
mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis.
Tá mo spiorad curtha anuas agam air
chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
2Glaoch ná gáir ní chuireann sé as,
ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.
3Ní bhriseann sé an sifín brúite,
ná ní mhúchann an lasair chreathanach.
Soláthraíonn sé an ceart go dílis,
4ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é
nó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh,
óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht.
5Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia,
an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad,
a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann,
a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air
agus meanma sa dream a shiúlann é:
6Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,
rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú,
agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal
agus i do sholas do na ciníocha,
7chun súile na ndall a oscailt,
chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair
agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.
8Mise, arb é an Tiarna is ainm dom,
ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile
ná m'onóir leis na híola.
9Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad.
Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam;
sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.
Duan Bua
10Canaigí don Tiarna amhrán úr!
Moladh leis ó cheann ceann na talún!
Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann,
insí na farraige agus a muintir go léir!
11Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór,
agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar!
Tógadh muintir Charraig Sheala liú
agus gártha ar mhullach na mbeann!
12Tugadh siad glóir don Tiarna
agus in insí na farraige déanadh siad a mholadh!
13Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann,
tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch;
cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú,
agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.
14“Le fada riamh bhí mé i mo thost,
d'fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin...
Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta,
tá cneadach agus saothar anála orm.
15Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh
agus a nduilliúr ar fad a sheargadh;
déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneacha
agus triomóidh mé a linnte go léir.
16Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór
agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh.
Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu
agus cosáin chama ina siúlóid réidh.
Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé,
ní bheidh dul siar orthu.”
17Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu,
iad siúd a bhfuil a muinín in íola,
iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo:
“Sibhse ár ndéithe.”
Daille an Phobail
18Sibhse atá bodhar, éistigí anois!
A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh!
19Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é,
nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim?
Cé atá chomh dall le fear muiníne Dé
nó chomh bodhar le giolla an Tiarna?
20Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann,
bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!
21Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta,
a reacht a mhóradh agus a onórú.
22Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh,
tá siad go léir sáinnithe i bprochóga
agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin.
Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh,
á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”
23An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht?
Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?
24Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir
agus Iosrael do lucht a scriosta?
Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh
agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint,
ná éisteacht lena reacht.
25Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air
agus fíoch an chogaidh.
Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó,
loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.

Currently Selected:

Íseáia 42: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in